Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
An maith leat bheith ag léamh faoi rudaí a tharla fadó? Nó, an bhfuil dúil agat i dtíortha i bhfad i gcéin? Nó, an tusa an cineál duine a bhíonn fiosrach faoin bhealach a n-oibríonn rudaí? Bhuel, más maith leat rudaí nua a fhoghlaim, cuideoidh muid leat tús maith a chur leis an bhliain úr.

Ar ndóigh, thig leat ailt nuachta a léamh ar an suíomh seo faoi gach sórt topaice. Ach, an raibh a fhios agat go mbíonn ailt níos faide againn chomh maith ina bhfuil a lán eolais, nó fíricí, faoi gach sórt téama. Tugaimid “Fillteáin Fíricí” orthu. Cuideoidh siad leat bheith i do shaineolaí ar chuid mhór ábhar!

Mar shampla, an raibh a fhios agat gur Éireannach é an duine a cheap an suíochán eisteilgthe? (Thig leat níos mó a fhoghlaim faoi sin anseo.)
(suíochán eisteilgthe in úsáid)
An bhfuil dúil agat in uimhreacha? Ar mhaith leat a fháil amach an fáth a mbíonn 60 soicind i mbomaite agus 60 bomaite in aon uair a chloig. Léigh leat anseo chun freagra na ceiste sin a fháil.

Más maith leat níos mó a fhoghlaim faoin bhia a ithimid, is féidir léamh faoi sin san fhillteán seo, Turas an Bhia - ón talamh go dtí an tábla.

Tá go leor eolais eile ar fáil, más suim leat foghlaim faoin Téamh Domhanda agus an tAthrú Aeráide, nó Túr Eiffel, nó an bealach a mbíonn na saineolaithe ag déanamh tuar ar an aimsir.
(Túr Eiffel)
Tá ábhar níos simplí againn chomh maith do léitheoirí níos óige, mar shampla, ar na Cúig Chéadfa, Tithe agus Bailte agus Daoine a chuidíonn linn.

Níl leithscéal ar bith agat, mar sin, gan rud éigin nua a fhoghlaim an tseachtain seo. Cliceáil ar cheann de na naisc thuas agus léigh leat!
Le plé nó le déanamh