Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

baghcat — nuair a dhiúltaíonn tú na táirgí nó na seirbhísí a dhíolann duine, comhlacht nó tír, a cheannach. Is agóid é seo le brú a chur orthu rud éigin a athrú nó a stopadh.
Ar an lá seo (an 19ú Meán Fómhair), sa bhliain 1880, bhí polaiteoir Éireannach darbh ainm Charles Stewart Parnell ag caint le slua mór daoine in Inis, Contae an Chláir. Bhí sé ag caint ar na tiarnaí talún Sasanacha, agus an dóigh ar chaith siad go míchothrom leis na gnáthdhaoine in Éirinn.
Charles Stewart Parnell
An t-am sin, ba le tiarnaí talún Sasanacha nó Angla-Éireannacha an chuid is mó den talamh in Éirinn. Lig siad do na hÉireannaigh cónaí ar an talamh, fad is go mbeadh siad sásta obair ar an talamh agus cíos (an-ard, go minic) a íoc. Thiocfadh leis an tiarna talún na gnáthdhaoine a chaitheamh amach as a dteach in am ar bith, mura mbeadh siad ábalta an cíos a íoc, nó, in amanna, gan cúis ar bith.
Cuid mhaith de na tiarnaí talún, níor chónaigh siad in Éirinn go fiú ach ba leo an talamh agus bhí ar na gnáthdhaoine cíos a íoc leo
Ag an am seo, bhí iar-chaptaen in Arm na Breataine, Charles Boycott, ag obair mar bhainisteoir ag tiarna talún Sasanach i gContae Mhaigh Eo. Chaith Boycott go hiontach mí-chothrom leis na daoine a chónaigh ar thalamh an tiarna talún.
Bhailigh Boycott an cíos don tiarna talún i Sasana agus mura raibh na daoine ábalta an cíos a íoc, chaith sé amach as a dteach iad!
Teaghlach á gcaitheamh amach as a dteach i gContae an Chláir sna 1870idí
Arsa Parnell leis an slua a bhí i láthair:
Má chaitheann Tiarna Talún teaghlach as a dteach agus má thagann duine eile le cónaí a dhéanamh sa teach, cad é ba cheart dúinn a dhéanamh leis an duine sin?
‘Scaoil é!’ an freagra a thug duine amháin sa slua. Ach, bhí smaoineamh eile ag Parnell:
In áit foréigean a úsáid, níl le déanamh againn ach droim láimhe a thabhairt don duine sin. Gan labhairt leis, gan rud ar bith a dhíol leis ná rud ar bith a cheannach uaidh. Gan suí in aice leis i dteach an phobail go fiú!
Thug na daoine droim láimhe do dhuine ar bith a bhí ag obair do thiarnaí talún míréasúnta nó do dhuine ar bith a chuidigh leo
Agus sin an rud a rinne na daoine. Thug na Gaeil ‘Baghcat’ nó Boycott ar an chineál agóide seo, in ómós don chaptaen chruálach, Charles Boycott!
Ó shin i leith, is teaictic iontach cumhachtach í an bhaghcatáil, le brú a chur ar dhuine nó comhlacht nó tír a gcuid dóigheanna a athrú. Is bealach síochánta é le cur isteach ar dhream eile atá níos láidre ná tú. An t-am sin, chonaic na tiarnaí talún go gcaillfeadh siad airgead dá gcaithfeadh siad go míchothrom le daoine, nó ní bheadh duine ar bith eile sásta teach a ghlacadh ar cíos uathu, ná seirbhísí a chur ar fáil dóibhsean nó do na daoine a d’oibrigh dóibh.
Daoine ag iarraidh baghcat a eagrú in éadan comhlacht bia i Meiriceá – cén fáth, i do bharúil?
Bíonn an focal baghcat le cluinstin go minic sa nuacht sa lá atá inniu ann. Ach is dócha nach bhfuil a fhios ag na léitheoirí nuachta uilig gur muidne in Éirinn a tháinig aníos leis an ainm atá ar an chleas seo!
Daoine sa Spáinn ag iarraidh baghcat ar Iosrael – an bhfuil a fhios acu gur tháinig an focal ‘baghcat’ as Éirinn?
Mar shampla, tá daoine fud fad an Domhain ag baghcatáil rudaí a dhíolann Iosrael, faoi láthair, nó rudaí a dhíolann comhlachtaí a thacaíonn le hIosrael. Tá siad á dhéanamh seo mar gheall ar an chinedhíothú* atá ar bun ag Iosrael in éadan mhuintir Gaza agus mar gheall ar an dóigh a mbíonn Iosrael i gcónaí ag briseadh an dlí idirnáisiúnta sa chuid eile den Phalaistín.
*Dúirt na Náisiúin Aontaithe an tseachtain seo go gcruthaíonn an fhianaise uilig go bhfuil cinedhíothú ar bun ag Iosrael. Seo an rud is measa a thig le tír ar bith a dhéanamh ar thír nó ar phobal daoine eile.
Thug na Náisiúin Aontaithe cinedhíothú ar an mhéid atá ar bun ag stát Iosrael in Gaza
Tá Iosrael iontach saibhir agus tá arm iontach láidir acu mar go bhfaigheann siad airgead agus tacaíocht ó Mheiriceá agus ó thíortha eile. Briseann siad an dlí idirnáisiúnta arís agus arís eile ach ní tharlaíonn rud ar bith dóibh mar go mbíonn SAM ag tacú leo i gcónaí. Síleann a lán daoine gurb é an bhaghcatáil an bealach is fearr le tabhairt ar Iosrael a gcuid dóigheanna a athrú.
Le plé
💭 “Caithfidh gach comhlacht tacú leis an tír ina bhfuil sé lonnaithe. In Éirinn, mar shampla, déanann roinnt comhlachtaí móra iarracht an Ghaeilge a úsáid (thig leat ordú a chur isteach as Gaeilge i mbialanna McDonalds sa deisceart) nó cuireann siad airgead agus tacaíocht ar fáil do dhaoine óga nó don spórt in Éirinn. Tá sé nádúrtha go ndéanfadh siad rudaí den chineál chéanna sna tíortha eile ina bhfuil siad lonnaithe.”
An bhfuil sé cothrom baghcat a dhéanamh ar chomhlacht in Éirinn mar gheall ar na rudaí a dhéanann an comhlacht céanna i dtíortha eile?
💭 An dtig leat smaoineamh ar na fáthanna eile a ndéanfadh daoine comhlachtaí a bhaghcatáil sa lá atá inniu ann? (Cúrsaí timpeallachta, mar shampla – an dtig libh smaoineamh ar shamplaí eile?)
💭 An dtig leat smaoineamh ar bhealaí eile a bhféadfadh gnáthdhaoine tionchar a bheith acu ar chomhlachtaí móra agus ar rialtais nó tíortha láidre?
💭 Cad é a tharlódh, dar leat, dá nglacadh Parnell leis an mholadh a bhí ag an fhear sa slua, in áit baghcatáil a dhéanamh. An mbeadh toradh níos fearr nó níos measa ar an scéal? Mínigh do fhreagra.
Ceisteanna le freagairt