An Pápa Proinsias

Déardaoin, an 13ú Márta 2025


Bhí an Pápa Proinsias go dona tinn le roinnt seachtainí. Ach le gairid, tháinig biseach air agus tá sé ábalta labhairt le daoine, cé nach bhfuil sé ina shuí go fóill. Chaith sé ceithre seachtaine sa leaba le galar scamhóige. Cónaíonn an Pápa sa Vatacáin, de ghnáth, agus bhailigh na sluaite ann gach oíche le paidreacha a rá agus bhí Caitlicigh ar fud an domhain ag guí ar a shon.

Cé go bhfuil post iontach tábhachtach ag an Phápa, tá aois mhór aige, tá sé 88 bliain d’aois! Inniu, ceiliúrann Proinsias 12 bhliain mar Phápa. Nuair a rinneadh Pápa de, thug sé ainm nua air féin, sa chás seo Proinsias nó Francesco. Rugadh é san Airgintín agus ba é Jorge Mario Bergoglio an t-ainm a bhí air ag an am sin.

An Airgintín

Is é An Pápa Proinsias ceannaire na hEaglaise Caitlicí. Tá thart ar 1.4 billiún Caitliceach ann agus tá siad ina gcónaí i ngach tír sa Domhan. Ba é Naomh Peadar an chéad cheannaire ar an eaglais i ndiaidh bhás Íosa agus bhí 265 pápa ann ina dhiaidh.

An Vatacáin

Is iad na Cairdinéil faoi aois 80 bliain d’aois a roghnaíonn an Pápa. Tagann siad le chéile i gcomhthionól nó ‘conclave’ agus ní bhíonn cead acu labhairt leis an domhan taobh amuigh agus iad i mbun na hoibre seo. Bíonn vóta rúnda ag na cairdinéil agus déantar na vótaí seo a chuntas. De ghnáth, caitheann siad vóta ar son cairdinéal eile sa chomhthionól. Mura bhfaigheann duine ar bith 66% den vóta, cuirtear na vótaí uilig isteach i dtine agus dóitear iad. Feiceann daoine taobh amuigh an toit dhubh agus bíonn a fhios acu nach bhfuil pápa nua acu go fóill.

Na cairdinéil ag déanamh réidhe don chomhthionól i 2013

Nuair a fhaigheann cairdinéal 66% de na vótaí nó níos mó, cuirtear na vótaí uilig sa tine arís ach, an iarraidh seo, cuireann siad rud isteach a dhéanann toit bhán. Ar an dóigh seo, feiceann na daoine taobh amuigh go bhfuil pápa nua ann. Má deir tú go bhfeiceann tú an toit bhán, ciallaíonn sin go bhfuil daoine i ndiaidh cinneadh a ghlacadh.

Toit bhán ag an Vatacáin


Le déanamh:

Úsáid léarscáil nó atlas agus cuardaigh an Airgintín i Meiriceá Theas. Ansin, faigh amach trí fhíric faoin tír (mar shampla, cá mhéad duine atá ina gcónaí ann, cén teanga a labhraíonn siad srl).


Faigh amach trí fhíric faoin Vatacáin fosta.


Roghnaigh an pápa ainm nua dó fein nuair a rinneadh pápa de. Bhí sé ag smaoineamh ar Naomh Proinsias. Má dhéanann tú an Cóineartú, bíonn deis agat ainm nua a roghnú duit fein, i gcuimhne ar naomh nó ar dhuine speisialta a bhfuil ardmheas agat air nó uirthi mar dhuine maith. Cén naomh nó duine a spreagfadh thusa lena n-ainm a ghlacadh agus cad chuige?


Pictiúir:

Pictiúr clúdaigh: Ricardo Perna / Shutterstock.com

Daoine ag guí: Marco Iacobucci Epp / Shutterstock.com

Cathaoir rotha: Marco Iacobucci Epp / Shutterstock.com

Comhthionól: Simon Roughneen / Shutterstock.com

Toit Bhán: Creative Commons


meas