Bliain úr na Síne

An 7ú Feabhra, 2024


Baineann an Fillteán Fíricí seo le Bliain Úr na Síne. Ach is dócha, ó cheart, gurbh fhearr ‘Bliain Úr na Gealaí’ a thabhairt ar an fhéile seo, nó ní hiad na Sínigh amháin a cheiliúrann í. Is féile ollmhór í seo i gcuid mhór tíortha in oirthear an Domhain. Bíonn an bhliain úr ann nuair a bhíonn an chéad ghealach lán den bhliain ann. Tarlaíonn sé seo, de ghnáth, idir an 21ú Eanáir agus an 20ú Feabhra. In amanna, tugann daoine Féile an Earraigh ar an fhéile.

Déantar ceiliúradh ar Bhliain Úr na Gealaí i gcuid mhór tíortha. Mar shampla, an Chóiré Theas, an Chóiré Thuaidh, Singeapór, Vítneam. Ba ghnách le muintir na Seapáine an fhéile a cheiliúradh i bhfad níos mó. Tá go leor daoine sa tSeapáin a cheiliúrann go fóill í.



Bíonn na páistí ag súil go mór leis an Bhliain Úr. Is féile ollmhór atá ann, cosúil leis an Nollaig againne


Tá Bliain Úr na Síne ar cheann de na féilte is mó ar domhan. Déanann na mílte milliún duine an fhéile seo a cheiliúradh gach bliain. Tá clú agus cáil ar an dóigh a ndéanann na Sínigh an fhéile a cheiliúradh. Bíonn dinnéar mór teaghlaigh acu sa tSín ar oíche na seanbhliana, an lá roimh thús na féile.

Cuireann na Sínigh tús leis an cheiliúradh le dinnéar mór teaghlaigh ar oíche na seanbhliana


Glanann siad ar shiúl ‘mí-ádh’ na bliana a bhí ann roimhe sin


Roimh an dinnéar, déanann siad glantachán mór sa teach – glanann siad ar shiúl an mí-ádh le go dtig leo tús maith a chur leis an bhliain úr. Cuireann siad suas maisiúcháin agus tugann siad bronntanais airgid dá chéile.

Mamó agus bronntanais aici do na páistí – tugann siad bronntanais airgid i gclúdaigh dhearga dá chéile


Bíonn an dath dearg le feiceáil cuid mhór nó tá ceangal idir dearg agus ‘ádh’. Bíonn na maisiúcháin dearg agus bíonn na bronntanais a thugann siad dá chéile i gclúdaigh dhearga.

Ag maisiú an tí


Cuireann siad maisiúcháin suas sna tithe agus taobh amuigh de na tithe. Is breá le muintir na Síne domplagáin a ithe mar chuid den cheiliúradh.

Domplagáin


Maireann an ceiliúradh 14 lá agus críochnaíonn sé le Féile na Lóchrann. Siúlann daoine tríd na sráideanna le lóchrainn agus crochann siad lóchrainn taobh amuigh de na tithe. Críochnaíonn an ceiliúradh le féile na lóchrann.

Lóchrainn Shíneacha


Ceanglaíonn na Sínigh gach bliain le hainmhí difriúil. Úsáideann siad 12 ainmhí san iomlán: an coileach, an madadh, an mhuc, an luchóg mhór, an tarbh, an tíogar, an coinín, an dragan, an nathair, an capall, an gabhar agus an moncaí. Is í 2024 Bliain an Dragain, beidh Bliain an Dragain ann arís i gceann 12 bhliain eile.

2024, sin Bliain an Dragain


Úsáid an roth thíos lena oibriú amach cén t-ainmhí atá ann cén bhliain.


meas