Drochthús le 2024

An 8ú Eanáir, 2024


De ghnáth, nuair a smaoinímid ar ‘an bhliain úr’, smaoinímid ar cheiliúradh. Bíonn tinte ealaíne ann agus cóisirí agus croitheann daoine lámh lena chéile nó tugann croí isteach dá chéile. Fágann siad slán leis an tseanbhliain agus guíonn ádh mór ar a chéile don bhliain úr atá rompu – ‘Bliain Úr mhaith duit!’ an guí is coitianta a bhíonn ag daoine.

De ghnáth, bíonn ceiliúradh ann don bhliain úr


Ar an drochuair, áfach, ní raibh tús rómhaith leis an bhliain úr ag gach duine ar domhan, go háirithe sa Phalaistín agus sa tSeapáin. 


Slad i nGaza 

Tá Iosrael go fóill ag leanúint dá n-ionsaí fíochmhar ar mhuintir Gaza. Go dtí seo, tá an chuid is mó de Stráice Gaza scriosta acu agus tá siad i ndiaidh níos mó ná 20,000 duine a mharú. Níl aon chosúlacht ar an scéal go stopfaidh siad den ionsaí go luath. (Níos mó eolais ar an scéal i nGaza anseo.)

Oibrithe tarrthála ag cuardach daoine faoi smionagar na dtithe, i ndiaidh d’Iosrael buama eile a leagan ar mhuintir Gaza

Pic le Anas-Mohammed / Shutterstock.com


Crith Talún sa tSeapáin

Tharla crith talún ollmhór amach ó Leithinis Noto, sa tSeapáin, ar Lá na Bliana Úire

Léarscáileanna le Connormah (CC BY-SA 3.0)  agus le Maximilian Dörrbecker (CC BY-SA 3.0) trí Wikimedia


Thart ar a 7 a chlog, maidin Dé Luain (am na hÉireann), bhuail crith talún thar a bheith láidir an tír sin. Bhí an crith ar mhéid 7.6 ar scála Richter. Scrios an crith na mílte teach agus foirgneamh ar Leithinis Noto. Leis an scéal a dhéanamh níos measa, chruthaigh an crith talún súnámaí mór agus rinne sé seo níos mó damáiste.

Seo pictiúr de Shúnámaí a tharla sa tSeapáin sa bhliain 2011, nuair a bhuail crith talún mór an tír

Pic le Chainless Soul/Flickr CC BY-SA 2.0 DEED


Go dtí seo, tá ar a laghad 84 duine marbh ach tá cuid mhór daoine eile go fóill ar iarraidh – níos mó ná 250. Tá cuid mhór acu i bhfostú thíos faoi smionagar na dtithe agus na bhfoirgneamh a thit go talamh. Tá na hoibrithe tarrthála iontach buartha, faoin am seo, nach bhfuil seans maith ag na daoine seo teacht slán, agus go rachaidh líon na marbh i méid.

Na seirbhísí tarrthála sa tSeapáin, ag iarraidh teacht ar dhaoine faoi smionagar na dtithe

Pic le Rannóg na dTubaistí, Póilíní Thóiceo (ó na meáin shóisialta)


Seo físeán a thóg an Bhriogáid Dóiteáin sa tSeapáin den scrios a d’fhág an Crith Talún ina dhiaidh. Bhí ceantair eile ann a buaileadh i bhfad níos measa ná seo.

Físeán le Rannóg Dóiteán Chathair Nagoya (ó na meáin shóisialta)



Is é a bhíonn i gceist le súnámaí, ná nuair a chruthaíonn creathadh an talaimh thíos faoin fharraige tonnta móra farraige. Is féidir leis na tonnta seo dochar mór a dhéanamh.

Nuair a tharlaíonn crith talún faoin uisce, cruthaíonn an creathadh tonnta ollmhóra (beochan ó 2004)


Sa bhliain 2004, tharla ceann de na súnámaithe ba mheasa riamh sa stair. Tharla crith talún ollmhór amuigh san Aigéan Indiach ar Lá Fhéile Stiofáin, an 26ú Nollaig. Chruthaigh sé seo súnámaí ollmhór. Bhuail tonnta suas le 30 méadar ar airde 14 thír dhifriúla. San iomlán, maraíodh 230,000 duine.

Pictiúr a tógadh nuair a tháinig ceann de na chéad tonnta i dtír


Sráidbhaile a scrios an súnámaí in 2004

(Íomhánna sa réimse poiblí, trí Wikimedia)

Le plé / le déanamh

🚨 Tharla an crith talún seo ar 7 ar maidin, am na hÉireann – cén t-am a bhí ann sa tSeapáin? Is féidir an clog ar leathanach baile NuachtAnois a úsáid le cuidiú leat*. 

(*Má tá a fhios agat an t-ainm atá ar phríomhchathair na Seapáine!)


🚨 Baintear úsáid as Scála Richter le láidreacht creathanna talún a thomhas. Faigh níos mó eolais air san fhillteán fíricí seo.


🚨 Cén fáth a dtarlaíonn creathanna talún? Amharc ar an fhíseán seo thíos agus míneoidh scoláirí Ghaelscoil Riabhach, Contae na Gaillimhe, an scéal daoibh!




Tá na scéalta san alt seo an-dona ar fad. Tá sé nádúrtha má chuireann siad olc ort ach thig linn bheith ag smaoineamh ar na daoine bochta agus dul ar aghaidh lenár saol féin san am céanna, gan drochspion a bheith orainn i rith an ama. Tá cuid mhór daoine fásta ag obair go crua le cuidiú leis na daoine atá ag fulaingt


meas