Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Bhí an t-ádh ar rón beag i gContae Dhún na nGall Dé Domhnaigh, nuair a tháinig beirt bhan áitiúla air agus é ina luí ar an trá i gCúil Dabhcha, in Inis Eoghain.
Bhí an t-oisín róin ina luí ar an trá (Ní hé seo an t-oisín róin ó Inis Eoghain)
Bhí a fhios ag na mná láithreach go raibh an rón i dtrioblóid nó bhí sé beag bídeach, agus bhí sé leis féin. Chonaic siad go raibh an rón gortaithe agus bhí cuma iontach lag air.
De ghnáth, má fheiceann tú rón ar an trá, agus má shíleann tú go bhfuil sé i dtrioblóid, níor cheart duit baint dó, go háirithe más oisín róin é (is féidir coileán róin a thabhairt ar rón óg fosta.) Ba cheart duit scairt a chur ar thréidlia nó ar ghrúpa a dhéanann tarrtháil ar rónta.

Ach i gcás an róin bhig seo, bhí na mná iontach buartha go bhfaigheadh sé bás. Thug duine de na mná an rón go Leitir Ceanainn, áit ar bhuail sí le hoibrithe ón eagraíocht Seal Rescue Ireland. Tá ospidéal speisialta ag an eagraíocht sin do rónta i gContae Loch Garman.

Bhí an t-oisín róin seo thart ar ocht seachtaine d’aois agus bhí níos mó ná gortú amháin ar an dá lapa aige. Bhí sé iontach tanaí. Ní raibh ach 13kg meáchain ann. De ghnáth, bíonn na tréidlianna ag súil le go mbeadh 50kg meáchain sna hoisíní róin 8 seachtaine d’aois.
De ghnáth, bíonn thart ar 50kg meáchain sna rónta glasa 8 seachtaine d’aois – cad é an meáchan atá ionatsa?
Ba rón glas é an rón seo. Nuair a thagann siad ar an saol, ní thig leo snámh. Ólann siad bainne a máthar ar feadh 3 seachtaine. Tá cuid mhór cothaitheach i mbainne na máthar agus cuireann siad suas cuid mhór meáchain. Nuair a bhíonn siad 3 seachtaine d’aois, fágann an mháthair iad agus caithfidh siad bia a fháil dóibh féin, amuigh san fharraige mhór!
Níl muid cinnte cad é a tharla don oisín róin seo, gach seans gur ghortaigh sé a lapaí le linn stoirme. Uaireanta, gortaíonn bruscar san fharraige, nó sean-trealamh iascaireachta, na rónta.
Gortaítear a lán ainmhithe mara gach bliain mar gheall ar bhruscar a fhágann daoine ina ndiaidh
San ionad tarrthála i Loch Garman, cuirtear cóir leighis ar na rónta gortaithe agus tugtar neart bia dóibh. Nuair a bhíonn siad níos láidre, cuirtear isteach i linnte snámha speisialta iad le go mbeidh siad réidh don saol san fharraige mhór arís.
Tá an rón seo ag teacht chuige féin arís
Deir an fhoireann in Seal Rescue Ireland go bhfuil siad iontach go deo sásta leis an dul chun cinn atá déanta ag oisín Inis Eoghain – ní fada go mbeidh sé ar ais ar a shean-shnámh arís!
Rón eile ag dul ar ais chuig an fharraige, i ndiaidh dó bheith gortaithe
Ceisteanna le freagairt
1. Cá háit ar tháinig an bheirt bhan ar an rón beag?
2. Cad é mar a bhí a fhios ag na mná go raibh an rón i dtrioblóid?
3. Luaigh dhá rud nár cheart duit a dhéanamh má thagann tú ar rón ar an trá.
4. Cén aois a bhí an t-oisín róin agus cén meáchan a bhí ann?
5. Cén aois a bhíonn oisíní róin glasa nuair a fhágann a máthair iad?
6. Cad é a dhéanann an fhoireann in Seal Rescue Ireland leis na rónta a ullmhú le dul ar ais isteach san fharraige?
7. Cén fáth, dar leat, a bhfuil cló trom ar na 7 bhfocal ag deireadh an ailt seo?
Le plé
🦭 Ar aimsigh tusa ainmhí gortaithe riamh? Cad é a rinne tú?
🦭 Ar mhaith leat bheith ag obair le hainmhithe? Cén fáth? Cén sórt ainmhithe, agus cad chuige?
Póstaer
🦭 Dear póstaer le daoine a chur ar an eolas faoin mhéid ba cheart a dhéanamh má thagann siad ar rón ar an trá. Thig leat pictiúir a tharraingt, nó pictiúir a aimsiú ar líne.