Damháin alla

Déardaoin, an 8ú Deireadh Fómhair 2026


Seans maith go bhfaca tú iad na laethanta seo. Na créatúir bheaga le hocht gcos. (Cuid acu, níl siad chomh beag sin!) Is ea, táimid ag caint faoi dhamháin alla agus, ag an am seo den bhliain, bíonn an chuma orthu go mbíonn siad gach áit thart faoin teach.

Cuid againn, bíonn eagla orainn rompu, go háirithe na cinn a bhfuil cosa fada orthu. Ní hamháin cosa fada ach cosa gruagacha! Agus na súile atá acu. Tá go leor fáthanna a mbeadh eagla orainn rompu ach, i ndáiríre, is beag dochar a dhéanann siad dúinn.

Cad chuige a bhfuil an oiread sin damhán alla le feiceáil ag an am seo den bhliain? Bhuel, táimid i lár shéasúr na ndamhán alla, an t-am a mbíonn an damhán alla fireann ag iarraidh bualadh le damhán alla baineann. An damhán alla a fheicimid ag rith ar an urlár sa teach, seans maith gur damhán alla fireann atá ann atá ag iarraidh bualadh isteach chuig damhán alla baineann.

Damháiníní

De ghnáth, fanann an damhán alla baineann istigh i bpoll áit éigin sa teach. Nuair a bhuaileann an dá dhamhán alla le chéile, bíonn babaithe ag an damhán alla baineann. Tugtar ‘damháiníní’ ar na damháin alla óga seo.

Cuileog greamaithe i líon

Cé nach ndéanann na damháin alla in Éirinn dochar ar bith dúinne, déanann siad dochar do chuileoga, nó sin an cineál bia a itheann siad. Déanann siad líon agus éiríonn na cuileoga greamaithe sa líon. Is seirbhís iontach tábhachtach é sin dúinn sa teach, nó gan na damháin alla, bheadh an áit lán le cuileoga agus feithidí eile.

Mar sin, má fheiceann tú damhán alla ag rith ar an urlár nó ar an bhalla, lig dó nó níl sé ach amuigh ar lorg páirtnéara. Ach má mhothaíonn tú míchompordach leis, tá bealach le fáil réitithe de gan é a mharú.


    • Cuir gloine thrédhearcach thar an damhán alla

    • Go cúramach, cuir píosa cairtchláir thíos faoin damhán alla

    • Beidh tú ábalta an damhán alla a iompar amach as an seomra agus é a fhágáil taobh amuigh


Ceisteanna:

1. Cá mhéad cos atá ar dhamhán alla?

2. Cén cineál cos a chuireann eagla ar dhaoine, de réir an ailt?

3. Cad chuige a mbíonn an oiread sin damhán alla le feiceáil ag an am seo den bhliain?

4. Cén t-ainm a thugtar ar dhamháin alla óga?

5. Cén cineál bia a itheann damhain alla sa teach?


Gníomhaíochtaí:

Scríobh dialann damháin alla. Cad iad na rudaí a fheiceann sé ag tarlú sa teach agus é ag rith thart. (Tabhair san áireamh go mbeidh an damhán alla ag amharc aníos nó fiú ag amharc anuas orainne agus muid i bhfad níos mó ná iad).


Pointe plé:

An bhfuil eagla ortsa roimh ainmhí ar bith? Cé acu ainmhí? Cad é an t-ainmhí is mó a chuireann eagla ar dhaoine sa rang?


meas