Lá Domhanda an Phoist 2026

Dé Céadaoin, an 7ú Deireadh Fómhair 2026


Beidh Lá Domhanda an Phoist ag tarlú An Aoine bheag seo, an 9ú lá Deireadh Fómhair. Ar chuir tú rud ar bith sa phost riamh? Litir, cárta, nó beart, b’fhéidir? Nó an bhfuair tú rud éigin sa phost riamh? 


Ba ghnách le daoine úsáid a bhaint as an phost go mion minic, ach is annamh a bhíonn an tseirbhís sin in úsáid againn sa lá atá inniu ann. Anois, bímid ábalta ríomhphoist a sheoladh ar ríomhaire, nó téacs gasta a chur leis an ghuthán. 


Gach bliain, glacann breis agus 150 tír páirt i Lá Domhanda an Phoist. Déanann siad an lá a cheiliúradh tríd imeachtaí éagsúla a reáchtáil. Mar shampla, cuireann cuid tíortha stampaí nua amach ar an lá sin. 


In amanna, bíonn taispeántais mhóra ann ar na stampaí éagsúla a chuir an tSeirbhís Phoist amach sa tír sin thar na blianta. Tá an-chuid staire ag baint le stampaí. (Léigh níos mó faoi stampaí anseo.)


Beidh comórtas náisiúnta peannaireachta ann do pháistí i mbliana agus iarrtar orthu litir a scríobh ar an téama “Tá cumhacht ag do chuid focal - bain úsáid astu”. Cuireadh tús leis an chomórtas an tseachtain seo. 


Bíonn fógraí teilifíse ag An Post lena chur i gcuimhne do dhaoine gur féidir seirbhísí an Phoist a úsáid in ait teachtaireachtaí leictreonacha an t-am ar fad. Ar thug tú faoi deara fógra ar bith a ghríosaíonn daoine leis an phost a úsáid? Léiríonn na fógraí go bhfuil rud éigin speisialta faoi litir nó cárta a sheoladh, in áit teachtaireacht a scríobh ar ghuthán nó ar ríomhaire. Iarrann na fógraí ort “grá a sheoladh” tríd litir nó cárta a chur. 


I mbliana, chun cur le ceiliúradh an lae seo, d’oibrigh An Post le Kabin Krew chun amhrán nua a chur amach, a ghríosaíonn daoine óga le litir a scríobh. Is feidir an físeán a fheiceáil anseo. (Ár leithscéal, tá an t-amhrán seo i mBéarla, ach tá amhrán eile i nGaeilge déanta ag Kabin Krew ar féidir breathnú air anseo.) 


Ceisteanna   

  1. Cén lá den tseachtain a mbeidh Lá Domhanda an Phoist ar siúl, agus cén dáta atá ann?
  2. Cén fáth nach mbíonn seirbhís an phoist in úsáid ag daoine chomh minic sin sa lá atá inniu ann?
  3. Cá mhéad tír a ghlacann páirt i Lá Domhanda an Phoist gach bliain?
  4. Cén téama atá i gceist leis an chomórtas náisiúnta peannaireachta do pháistí i mbliana?
  5. Cé leis ar oibrigh An Post chun amhrán nua a chruthú i mbliana?


Le plé agus le déanamh:

  • Scríobh Litir: Scríobh litir nó cárta poist chuig cara nó ball teaghlaigh. Inis dóibh faoi do sheachtain, na rudaí atá ag tarlú i do shaol agus an bealach a mothaíonn tú fúthu. Ná déan dearmad do chárta nó do litir a mhaisiú!
  • Dear Stampa Nua: Tarraing agus dathaigh stampa nua do Lá Domhanda an Phoist. Cén íomhá nó téama a bheidh ar do stampa féin?
  • Díospóireacht: ‘Is fearr litir sa phost ná teachtaireacht téacs ar ghuthán.’ An aontaíonn tú leis an ráiteas seo? Déan é a phlé i ngrúpaí. Scríobh 3 chúis a thacaíonn le do fhreagra.
  • Taighde ar Stampaí: Bain úsáid as na naisc san alt chun eolas a fháil faoi stair na stampaí. Scríobh síos 3 fhíric spéisiúla a d'fhoghlaim tú.
  • Liricí nó Rann a Chruthú: Smaoinigh ar rann gairid nó ar liricí do rap/amhrán i nGaeilge chun daoine óga a ghríosadh le litreacha a scríobh, ar nós Kabin Krew!

*A mhúinteoirí, tá acmhainní ranga i nGaeilge ó An Post ar fail anseo.


meas