Aighneas agus Achrann

Dé Máirt, an 6ú Deireadh Fómhair 2026


Dá mba rud é gur amharc tú ar an nuacht le seachtain anuas, bheadh a fhios agat go bhfuil aighneas agus achrann ag tarlú sna Sé Chontae faoi láthair. Is i gContae Ard Mhacha, ar Bhóthar Gharbhachaidh i mbaile Phort an Dúnáin atá an t-achrann le sonrú. Ach cad é atá ar siúl go díreach agus cad chuige a bhfuil sé ag tarlú?


Bhuel, baineann an scéal seo le dream darbh ainm An tOrd Oráisteach. Cuireadh tús leis an Ord Oráisteach, nó na Fir Bhuí, thiar in 1795 taobh amuigh de Phort an Dúnáin. Cuireadh ar bun iad ag am a raibh Protastúnaigh i gceannas ar an rialtas agus ní raibh cearta ag na Caitlicigh. Bhí siad sásta bheith ag troid lena n-aidhmeanna a bhaint amach. 

(Droim Crí, taobh amuigh de Phort an Dúnáin, gar don áit ar cuireadh tús leis an Ord Oráisteach)


Ba ghnách leis na Fir Bhuí dul ag máirseáil ar na sráideanna mar a bheadh arm iontu lena thaispeáint go raibh siadsan i mbun na háite. Nuair a scoilteadh an tír seo in 1921, idir na Sé Chontae (atá faoi smacht ag an Ríocht Aontaithe) agus na 26 Chontae (nó Poblacht na  hÉireann), lean na Fir Bhuí de bheith ag máirseáil go mion minic gach bliain sna Sé Chontae. Bhí sé de nós acu máirseáil tríd bhailte agus ceantair Chaitliceacha lena léiriú go raibh siadsan go fóill i gceannas sa taobh seo tíre. 

(Fir Bhuí ag máirseáil in Ard Mhacha)


Breis agus 250 bliain níos moille, tá an tOrd Oráisteach ar an fhód go fóill. Ní bhíonn siad ag troid na laethanta seo, ach creideann siad go bhfuil sé de cheart acu bheith ag máirseáil ar na bóithre go fóill - gach bóthar, fiú na cinn a théann tríd cheantair nach dtugann tacaíocht ar bith do na Fir Bhuí. Agus sin an fáth ar thosaigh an t-achrann seachtain ó shin ar Bhóthar Gharbhachaidh. Ba mhaith leis na Fir Bhuí máirseáil síos an bóthar sin, ach níor mhaith leis na daoine atá ina gcónaí ar an bhóthar go dtarlódh sin. 

(Daoine áitiúla ag bailiú ar Bhóthar Gharbhachaidh)


Thiar sna 1990í, tharla aighneas agus achrann mór ar an bhóthar chéanna. Rinne na daoine sa cheantar iarracht stop a chur leis an mhórshiúl síos a mbóthar, a bhí ag tarlú gach bliain i mí Iúil. Ach bhailigh na mílte de lucht tacaíochta na bhFear Buí agus thosaigh siad trioblóid mhór. Leis an slua mór sin a scaipeadh, ghlac an péas an cinneadh ag an am gurbh fhearr taobhú leis an slua mór agus an mórshiúl a bhrú síos an bóthar. Mar sin de, cuireadh muintir an cheantair den bhóthar le ligint do na Fir Bhuí siúl thart. 


Sa deireadh thiar thall, cuireadh stop leis an mhórshiúl chonspóideach seo in 1998. Chuir rialtas na Breataine grúpa nua ar bun darbh ainm Coimisiún na Mórshiúlta agus ghlac an Coimisiún sin an cinneadh nár cheart do na Fir Bhuí máirseáil síos Bóthar Gharbhachaidh. Bhí roghanna eile de bhóithre ag an Ord Oráisteach tríd Phort an Dúnáin nach mbeadh conspóideach. Thiocfadh leo máirseáil ar na bóithre sin. 

(Fir Bhuí ag máirseáil in áit eile) 


D’fhág an cinneadh sin go raibh gach rud ciúin go leor ar feadh beagnach 30 bliain. Ach, i rith an ama, bhí an tOrd Oráisteach go fóill ag iarraidh máirseáil tríd an cheantar Chaitliceach ar Bhóthar Gharbhachaidh. An mhí seo caite, ghlac na Fir Bhuí Coimisiún na Mórshiúlta go dtí an Chúirt agus léiríodh nár lean an Coimisiún na próisis chearta nuair a ghlac siad an cinneadh chun an mórshiúl a dhiúltú i mbliana. Mar gheall air sin, d’éirigh leis an Ord Oráisteach an cinneadh a chur ar ceal. 

(Péas ar Bhóthar Gharbhachaidh, ach slua mór bailithe leis an mhórshiúl a bhlocáil)


Is é sin an fáth a ndearna na Fir Bhuí iarracht máirseáil síos Bóthar Gharbhachaidh arís tá seachtain ó shin. Ach, ní raibh siad ábalta mar gur bhailigh slua mór daoine ón bhóthar agus ó áiteanna eile le seasamh ar an bhóthar lena bhlocáil. Deir na daoine sa cheantar nach bhfuil siad sásta dul ar ais chuig na seanlaethanta nuair a cuireadh den bhóthar iad mar gheall ar na Fir Bhuí. Thig leis na Fir Bhuí siúl ar shráideanna eile, ach is é Bóthar Gharbhachaidh baile na ndaoine sin. 

(Slua mór ag tacú le pobal Bhóthar Gharbhachaidh ag an deireadh seachtaine)


Ceisteanna

  1. Cén uair a bunaíodh an tOrd Oráisteach agus cad é an t-ainm eile atá orthu?
  2. Cad chuige a bhfuil conspóid ann faoi Bhóthar Gharbhachaidh faoi láthair?
  3. Cad é an ról a bhí ag Coimisiún na Mórshiúlta sa chonspóid i 1998?
  4. Cad chuige ar éirigh leis an Ord Oráisteach an cinneadh a chur ar ceal an mhí seo caite?
  5. Cad é a tharla an tseachtain seo caite nuair a rinne na Fir Bhuí iarracht máirseáil ar an bhóthar sin arís?


Le ple agus le déanamh

  • Plé Ranga: Cad iad na hargóintí atá ag an dá thaobh sa scéal seo? Breac síos iad. Cad é bhur mbarúil féin ar an scéal? An féidir libh smaoineamh ar réiteach den fhadhb?
  • Tuairisc Nuachta: Scríobh alt nuachta gairid (thart ar 50 - 60 focal) ó dhearcadh dhuine a chónaíonn ar Bhóthar Gharbhachaidh a bhí i láthair nuair a bhlocáil an slua an bóthar an tseachtain seo caite.
  • Agallamh raidió: Smaoinigh ar 3 cheist a chuirfeá ar bhall den Ord Oráisteach agus 3 cheist a chuirfeá ar chónaitheoir áitiúil dá mbeifeá i do thuairisceoir nuachta ar an raidió. 



Creidiúintí


meas