Domhan úr Minecraft!

Dé hAoine, an 2ú Deireadh Fómhair 2026


Tá déantóirí an chluiche ríomhaire, Minecraft, i ndiaidh a fhógairt go mbeidh domhan nua ag teacht chuig an chluiche. Seo an chéad domhan nua ó bhí an bhliain 2012 ann. Tugann Minecraft diminsin ar na domhain s’acu agus faoi láthair, tá 3 dhiminsean ann – an ‘Barrdhomhan’, an tÍochtar agus an End.* 

Radharc ón Íochtar in Minecraft


Roimh i bhfad, beidh úsáideoirí ábalta an ceathrú diminsean a fhiosrú, an Sift. Deir déantóirí Minecraft, an comhlacht Mojang Studios, gur domhan aisteach dathannach a bheas sa Sift. Ní domhan olc a bheas ann, ach ní domhan maith é ach an oiread. Beidh bloic agus créatúir (nó mobs) nua ann agus beidh go leor contúirtí ann. Beidh cleasa ar eolas cheana ag na créatúir a chónaíonn sa Sift le cuidiú leo fanacht slán – ach beidh ar imreoirí Minecraft na cleasa seo a fhoghlaim dóibh féin!

An Sift


Tá Minecraft ar cheann de na cluichí ríomhaire is mó ar domhan. Go bunúsach, úsáideann tú bloic le rudaí a thógáil. Thig leat an cluiche a imirt in dhá mhód dhifriúla. Sa ‘mhód marthanais’, bíonn créatúir chontúirteacha ann agus caithfidh tú do dhícheall a dhéanamh fanacht beo. Sa ‘mhód chruthaitheach’, ní thig le rud ar bith tú a mharú agus thig leat d’aird iomlán a dhíriú ar do chuid cruthaitheachta a úsáid, le rudaí a chruthú! 


Sin ceann de na fáthanna a dtaitníonn Minecraft le cuid mhór tuismitheoirí agus múinteoirí, chomh maith le páistí. Thig leat cuid mhór scileanna difriúla a fhorbairt tríd an chluiche agus tú ag fiosrú agus ag cruthú rudaí nua.

Nuair a tháinig Minecraft amach ag an tús, ní raibh mórán ainmhithe ann


Tháinig Minecraft amach den chéad uair in 2009. Ag an am sin, ní raibh ach 32 cineál bloic sa chluiche agus an t-aon ainmhí a bhí ann ná an mhuc! D’athraigh an cluiche go mór thar na blianta, de réir mar a tugadh carachtair agus áiteanna nua isteach. Sa bhliain 2014, cheannaigh an comhlacht Microsoft an cluiche, ar $2.5 BILLIÚN! Ach ligeann siad do Mojang Studios go fóill na forbairtí nua don chluiche a stiúradh.

Radharc eile ón Sift – is mór a d’athraigh Minecraft ó shin!


Más mian leat spléachadh a fháil ar an Sift, tá sé ar fáil cheana mar chuid de ‘Minecraft Dungeons 2’ a tháinig amach ag tús na seachtaine seo. Ach ní bheidh an Sift ar fáil sna leaganacha eile uilig den chluiche go dtí am éigin ar an bhliain seo chugainn.

Tháinig Minecraft Dungeons 2 amach Dé Máirt


* Tá Gaeilge ar fáil in Minecraft!

Má imríonn tú Minecraft: Java Edition ar ríomhaire PC nó Mac, thig leat Gaeilge a roghnú mar theanga an chluiche. Níl an rogha Gaeilge ar fáil in Minecraft: Bedrock Edition, áfach – sin an leagan a bhíonn in úsáid ar ghléasanna amhail an Nintendo Switch, an xBox, fóin agus táibléid (agus thig leat é a fháil ar ghnáthríomhaire fosta).

Ní dheachaigh Minecraft chuig aistritheoirí proifisiúnta leis an leagan Gaeilge a fháil. Lig siad do ghnáth-imreoirí Minecraft a raibh Gaeilge acu an t-aistriúchán a dhéanamh. Bíonn roinnt daoine (go háirithe múinteoirí) ag gearán faoi seo nó d’fhág siad rud beag Béarla sa chluiche agus ní bhíonn an t-aistriúchán mar an gcéanna an t-am ar fad.

Seo cuid den Ghaeilge atá in úsáid sa chluiche:

🧱 Overworld – An Barrdhomhan

🧱 Nether – An tÍochtar

🧱 Survival Mode – Mód Marthanais

🧱 Creative Mode – Mód Cruthaitheach

🧱 Adventure Mode – Mód Eachtra

🧱 Spectator Mode – Mód Féachadóra


Ceisteanna Tuisceana

⛏️ Cad é an t-ainm atá ar an domhan nua atá ag teacht chuig Minecraft?

⛏️ Cá mhéad diminsean atá in Minecraft faoi láthair?

⛏️ Luaigh dhá rud nua a bheas le fáil sa Sift.

⛏️ Cad é an difear idir an Mód Marthanais agus an Mód Cruthaitheach?

⛏️ Cá mhéad cineál bloc a bhí sa chéad leagan de Minecraft?

⛏️ Cén bhliain ar tháinig Minecraft amach den chéad uair?

⛏️ Cén comhlacht a cheannaigh Minecraft in 2014, agus cá mhéad a d'íoc siad?

⛏️ Cén áit ar féidir le himreoirí triail a bhaint as an Sift anois?


Le plé

🔥 Cén fáth, dar leat, a bhfuil dúil ag an oiread sin daoine in Minecraft?

🔥 Ar imir tusa Minecraft riamh?

🔥 Cé acu mód is fearr leat féin – Mód Marthanais nó Mód Cruthaitheach? Cén fáth?

🔥 Cad é an rud is fearr a thóg tú (thiocfadh leat pictiúr a sheoladh chugainn).

🔥 An cluiche maith don fhoghlaim é Minecraft, dar leat? Cad iad na scileanna a thig leat a thógáil agus tú ag imirt?

🔥 Samhlaigh tú féin a bheith ag obair le Mojang Studios. Caithfidh tú an 5ú diminsean a chruthú do Minecraft. Cén sórt domhain a chruthófá? Cad iad na bloic, na mobs agus na contúirtí a bheadh ann?

🔥 An síleann tú go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh cluichí mar seo ar fáil i nGaeilge? 

🔥 PLÉ RANGA – cé acu is fearr, Gaeilge chruinn cheart shnasta nó gnáth-Ghaeilge a thuigeann gach duine – nó an mbíonn rogha eile ann?


Creidiúintí

meas