Bua Uile-Éireann

Dé Céadaoin, an 30ú Meán Fómhair 2026

Bhí samhradh spreagúil spóirt againn i mbliana, go háirithe más suim leat na Cluichí Gaelacha. Bhí muid millte le seónna spóirt den chéad scoth i bPáirc an Chrócaigh le linn an tsamhraidh idir an pheil, an iománaíocht agus an chamógaíocht. Ar ndóigh, ba mhór an cuidiú é an dea-aimsir a bhí againn fosta! 

(Páirc an Chrócaigh - pic le D. Ribeiro/Shutterstock.com)


Ach, cad é mar a mhothaíonn sé bua Uile-Éireann a bhaint amach? Bhuel, d’éirigh linn agallamh a chur ar Dhaire Ní Bhriain an tseachtain seo. Is imreoir camógaíochta í Daire ar fhoireann shinsearach Chorcaí agus bhain sí féin agus a comrádaithe foirne Corn Uí Dhufaigh i mbliana, nuair a bhí an bua acu i gcraobh uile-Éireann na camógaíochta. 



An tAgallamh

Cén aois a bhí tú nuair a thosaigh tú ag imirt camógaíochta? 

Thosaigh mé ag imirt le mo chlub áitiúil, Inis Céin, in iarthar Chorcaí, nuair a bhí mé 11 bhliain d’aois. Ach roimhe sin, ba ghnách liom bheith ag imirt camógaíochta le mo theaghlach agus le páistí eile an cheantair ar scoil agus ar an pháirc áitiúil gach tráthnóna Dé Domhnaigh i ndiaidh an aifrinn.  

(Páistí ag imirt ar pháirc CLG - pic le Ballygally View Images)


Cé nó cad é a spreag an grá ionat don chluiche camógaíochta? 

Bhí an-suim go deo ag mo dhaid agus mo dhaideo sa chluiche riamh. D’imir siad féin iománaíocht agus d’imir mo chuid aintíní camógaíocht freisin. Is teaghlach iomaíoch muid. Ba nós linn bheith ag imirt le chéile sa ghairdín cúil nuair a bhailigh an teaghlach le céile. 

(Teaghlach iomaíoch. Daire agus a deirfiúr óg, Méabh, lena dtuismitheoirí)


Seo í do chéad bhliain ag imirt ar an fhoireann shinsearach le Contae Chorcaí, ach ar imir tú leis an chontae roimhe seo? 

Thosaigh mé ag imirt ar fhoireann an chontae den chéad uair nuair a bhí mé 13 bliana (leis an fhoireann faoi 14). Agus tá mé ag imirt le foirne an chontae ó shin ar aghaidh. Bhain muid Craobh na hÉireann faoi 14 agus faoi 16. Ar an drochuair, cuireadh Craobh Camógaíochta na Mionúr ar ceal nuair a bhí mé ar an fhoireann sin mar gheall ar Covid-19. 

(Daire mar chaptaen foirne ar fhoireann agus í níos óige)


Cá mhéad uair sa tseachtain a bhíonn tú ag traenáil? 

Le mo chlub féin, Inis Céin, bímse ag traenáil 3 huaire sa tseachtain. Agus le foireann an chontae, bímse ag traenáil a 5 nó a 6 d’uaireanta (idir thraenáil ar an pháirc agus sa ghiom). Mar sin, bíonn orm bheith eagraithe agus go maith ag bainistiú mo chuid ama!


Cén áit ar an pháirc a mbíonn tú ag imirt?

Bímse ag imirt sa líne leathchúil mar leathchúlaí láir nó leathchúlaí cliatháin.


Cad é mar a mhothaigh sé nuair a bhain tú an Corn Uile-Éireann? 

Cúláilte ar fad! Ba é sin an bua ab fhearr riamh a bhí agam. Tá sé speisialta bheith mar chuid den fhoireann shinsearach. Bíonn tú ag imirt ag leibhéal iontach ard agus caitheann tú a lán lán ama ag traenáil agus ag obair go crua le do chairde. Bhí slua mór daoine ag féachaint orainn i bPáirc an Chrócaigh freisin. Agus bhí an bua againn ar Ghaillimh. D’imir muid in éadan na Gaillimhe sa chluiche ceannais le roinnt blianta anuas agus is minice a bhí an bua acu. Bhí an cluiche ceannais i mbliana iontach teann freisin. Bhuaigh muid le 1 phointe sa deireadh, 2-14 i gcoinne 0-19. Mar sin, bhí sé speisialta ar fad an bua seo a fháil le mo chairde foirne, mar chaith muid an oiread sin ama le chéile ag obair ina threo seo. 



An bhfuil moladh nó comhairle ar bith agat do na daltaí scoile a bheidh ag léamh an ailt seo? 

Leanaigí oraibh ag imirt! Fiú, nuair nach mbíonn fonn ort é a dhéanamh, gabh amach ag traenáil. Mothóidh tú níos fearr as ina dhiaidh sin mar caithfidh tú am le cairde agus cuidíonn an spórt leat i gcónaí. Tá sé an-mhaith bheith mar chuid d’fhoireann spóirt freisin. Buaileann tú le cairde agus bíonn tú ag foghlaim a lán scileanna atá úsáideach agat don saol. Ina theannta sin, cuir an obair isteach le sprioc a bhaint amach. Agus ná bí buartha mura n-éiríonn leat an chéad uair. Tá cairde agam ar an fhoireann shinsearach nár imir le Corcaigh faoi aois, ach lean siad leo ag imirt agus anois tá bonn Uile-Éireann bainte acu. 

(Beirt bhuaiteoirí Uile-Éireann sa chlann! Bhí Daire ar fhoireann Chorcaí a bhain Corn Uí Dhufaigh - an Corn Sinsearach - agus bhí a deirfiúr, Méabh, ar fhoireann Chorcaí faoi 23 a bhain Craobh na hÉireann sa chamógaíocht fosta.)

 

Ár mbuíochas le Daire Ní Bhriain as an am a ghlacadh labhairt linn ar Nuacht Anois agus comhghairdeas léi agus le foireann shinsearach Chorcaí, buaiteoirí i gCraobh Camógaíochta na hÉireann i mbliana!  


Ceisteanna

  1. Cén club lena n-imríonn Daire camógaíocht?
  2. Cén aois a bhí sí nuair a thosaigh sí ag imirt leis an chlub sin?
  3. Cá mhéad uair sa tseachtain a bhíonn sí ag traenáil le foireann an chontae?
  4. Cén áit ar an pháirc a mbíonn Daire ag imirt?
  5. Cén fhoireann a bhí i gcoinne Chorcaí sa chluiche ceannais?
  6. Cad é an scór a bhí ann ag deireadh an chluiche ceannais?
  7. Cá mhéad uair atá Craobh na hÉireann sa chamógaíocht bainte ag Daire?
  8. Scríobh síos dhá phíosa comhairle a thugann Daire do dhaltaí scoile faoin spórt a imirt


Le plé agus le déanamh

  • Déan plé i mbeirteanna ar an chomhairle a thug Daire faoin spórt. Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach a bheith mar chuid d’fhoireann? An mbíonn tusa ag imirt spóirt? Cad iad na buntáistí a bhaineann leis an spórt, dar leat? 
  • Scríobh litir chuig Daire Ní Bhriain chun comhghairdeas a dhéanamh léi as an chraobh Uile-Éireann a bhaint amach agus cuir dhá cheist nua uirthi.
  • Tarraing póstaer chun daoine óga a spreagadh le bheith páirteach i gcluiche spóirt i do chlub áitiúil.
  • Samhlaigh go bhfuil tú ag imirt i gcluiche ceannais i bPáirc an Chrócaigh. Scríobh alt gairid faoi - cuir síos ar an radharc agus ar an atmaisféar, cad é tharla le linn an chluiche agus cad é mar a mhothaigh tú nuair a shéid an réiteoir an fheadóg dheireanach.

meas