Gasta leis na lámha

Déardaoin, an 24ú Meán Fómhair, 2026


Cé chomh gasta agus atá tú le do lámha? Mar shampla, an bhfuil tú maith ag caitheamh agus ag breith greim ar liathróid? 


Nó, an bhfuil tú ábalta uirlis cheoil a sheinm? Nó, b’fhéidir go bhfuil tú gasta i mbun cluiche ríomhaire? 


Bíonn ar do lámha (agus do chuid súl) a bheith gasta le go mbeidh tú ábalta na rudaí sin a dhéanamh faoi lánluas.


Tá cailín óg sa tSín i ndiaidh curiarracht dhomhanda a bhaint amach as a bheith iontach go deo gasta lena lámha. 


Má bhaineann tú curiarracht dhomhanda amach, is tú an duine is fearr riamh ag spórt nó gníomhaíocht éigin. Cuirim i gcás, rinne tú rud éigin san am is gasta, nó léim tú an méid is faide, nó fuair tú an scór is airde riamh.  


Níl Lian Yunzhi ach 6 bliana d’aois agus tá sí i ndiaidh a thaispeáint go bhfuil na lámha is gasta ar domhan aici! 


“Cad é mar a rinne sí sin?” a deir tú. Bhuel, réitigh sí ciúb Rubik taobh istigh de 5 shoicind! 

Amharc uirthi anseo:


(físeán as Youtube, ár leithscéal faoin Bhéarla)


Bháú, nach gasta é sin?! Tá an ciúb réitithe aici i bhfaiteadh na súl, chóir a bheith! Is léir go mbíonn sí ag cleachtadh leis an chiúb Rubik go mion minic! Mar a deir an seanfhocal, “Taithí a dhéanann máistreacht!”


Ceisteanna

  1. Cad é an t-ainm atá ar an chailín óg atá luaite san alt?
  2. Cén aois atá sí?
  3. Cad é an churiarracht dhomhanda a bhain sí amach?
  4. De réir an ailt, cad é a chiallaíonn sé má bhaineann duine "curiarracht dhomhanda" amach?
  5. Cén seanfhocal atá ag deireadh an ailt, agus cad is ciall leis i do chuid focal féin?


Le plé agus le déanamh

  • Scríbhneoireacht: Scríobh faoi scil nó caitheamh aimsire a mbíonn tú féin ag cleachtadh air (m.sh. spórt, uirlis cheoil, nó cluiche). Cad é a dhéanann tú le feabhas a chur ar do scil?
  • Matamaitic: Bain úsáid as stop-uaireadóir le luas do lámh féin a thástáil! (M.sh. cé chomh gasta agus is féidir leat 10 gcinn de chupáin pháipéir nó bloic a chruachadh?). Taifead do chuid amanna.
  • Tíreolaíocht: Aimsigh an tSín ar léarscáil an domhain. Faigh amach 2 nó 3 fhíric spéisiúla faoin tSín (m.sh. an phríomhchathair, bratach na tíre, méid an daonra, nó ainmhithe a bhíonn le fáil ansin).
  • Ealaín: Dear stiallchartún a léiríonn an seanfhocal “Taithí a dhéanann máistreacht”.
  • Cluiche: Bain triail as an chluiche thíos lena fheiceáil cé agaibh an duine is gasta sa rang?



meas