Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Sreabhann cuid mhaith aibhneacha isteach san fharraige
Tá gach abhainn tábhachtach. Má amharcann tú ar an léarscáil, feicfidh tú go bhfuil aibhneacha ann ag sreabhadh isteach san fharraige nó i lochanna. Ach tá níos mó i gceist leis na haibhneacha ná líne ar léarscáil! Ní huisce amháin a bhíonn ag sreabhadh in abhainn – is córas beo é atá lán de bheatha. Ar bhealach, tá an abhainn giota beag cosúil leis an fhuil ag sreabhadh thart i do chorp.
Éisc in abhainn
Soláthraíonn aibhneacha uisce dúinn. Nuair a thiteann an fhearthainn, téann cuid mhaith den uisce isteach sna haibhneacha. Tagann cuid mhór den uisce a ólaimid ó aibhneacha agus ó lochanna i ndiaidh é a ghlanadh. Úsáideann feirmeoirí an t-uisce sin le barra, prátaí, mar shampla, a fhás ar a dtalamh.
Damhán alla ag siúl ar uisce
Taobh amuigh den uisce a sholáthraíonn siad dúinne, cuireann aibhneacha baile ar fáil do na mílte speiceas. Is sna haibhneacha a chónaíonn éisc mar an bradán agus an breac, mar shampla, agus cónaíonn éin mar an cruidín in aice leis an abhainn le bia a sheilg. Éisc agus feithidí is mó a itheann siad. Tá feithidi agus damháin alla ann atá in oiriúint don saol cois abhann. Is féidir le cuid acu siúl ar an uisce! Agus ná déan dearmad den dobharchú a chaitheann cuid mhaith ama sna haibhneacha.
An Life ag sreabhadh tríd Bhaile Átha Cliath
Cuidíonn aibhneacha linn ar dhóigheanna eile chomh maith. Má bhíonn siad slán ó thruailliú, cuidíonn aibhneacha le carbón a stóráil, rud a chuidíonn leis an téamh domhanda a mhaolú. Má bhíonn tuile ann, maolaíonn na haibhneacha an brú uisce agus tugann siad cuid mhór de ar shiúl.
Uisce truaillithe le buidéil phlaisteacha
Ach tá na haibhneacha ar fud an domhain faoi bhagairt. Caitheann daoine rudaí mar mhálaí agus buidéil phlaisteacha, ceimiceáin agus fuíolluisce isteach iontu gan smaoineamh ar an dochar a dhéanann sin do chaighdeán an uisce agus do na plandaí agus na hainmhithe atá ina gcónaí iontu.
Abhainn na Mississippi i Meiriceá
Tá lá speisialta ann Dé Domhnaigh, 27ú Meán Fómhair, Lá Domhanda na nAibhneacha. Is deis iontach é seo le machnamh a dhéanamh ar an ról tábhachtach atá ag aibhneacha inár saol agus na dóigheanna a dtiocfadh linn iad a chosaint.
Droichead an Fheabhail i nDoire
Ceisteanna:
1. Cén chuid den chorp ar cuireadh na haibhneacha i gcomparáid léi san alt?
2. Ainmnigh 2 chineál ainmhí nó éan a chónaíonn san abhainn nó in aice léi.
3. Luaigh bealach amháin a gcuidíonn aibhneacha leis an timpeallacht má bhíonn siad saor ó thruailliú.
4. Cad iad na rudaí a chaitheann daoine isteach san abhainn a dhéanann dochar di? Luaigh 2 rud.
5. Cén dáta a mbeidh Lá na nAibhneacha ann i mbliana?
Le déanamh:
An raibh tú riamh cois abhann? Déan liosta de na plandaí agus na hainmhithe a chonaic tú. Chuir do liosta i gcomparáid le do chara in aice leat.
Dear póstaer don fheachtas ar son na n-aibhneacha. Cum mana láidir don fheachtas.
Faigh amach cén abhainn is cóngaraí do do scoil. Cén t-ainm atá uirthi, cén áit a dtosaíonn sí agus cén áit a dtéann sí isteach i loch nó san fharraige. Más féidir leat, faigh amach cad chuige a bhfuil an t-ainm sin ar an abhainn.
Pictiúir:
An Life: Lukassek / Shutterstock.com