Ná tréig do chara ar do chuid!

Dé Luain, an 21ú Meán Fómhair 2026


Is dócha gur chuala sibh iomrá ar an cheoltóir Ed Sheeran. Tá a lán amhrán clúiteach scríofa aige agus na milliúin albam díolta aige ar fud an domhain. Bhuail sé le fadhb mhór, áfach, an tseachtain seo caite. 

(Ed Sheeran)


Bhí Ed Sheeran agus a chairde le ceolchoirm a dhéanamh in Philadelphia, Meiriceá, an deireadh seachtaine seo a chuaigh thart. Tá camchuairt mhór ar fud Mheiriceá Thuaidh agus Theas ar siúl ag Ed Sheeran faoi láthair, an Chamchuairt “Loop”. 

(Ed Sheeran ag canadh ar stáitse)


Chomh maith le Ed Sheeran, bhí a chairde, Macklemore, Beoga, Finneas, Lukas Graham agus Aaron Rowe le seinm sa cheolchoirm. Rinne siad uilig dhá cheolchoirm mhóra cheana féin le chéile i Nua-Eabhrac. 

(Macklemore)


Le linn na gceolchoirmeacha i Nua-Eabhrac, áfach, rinne Macklemore amhrán ar leith dá chuid a rapáil, amhrán darb ainm “Hind’s Hall”, faoi chailín óg sa Phalaistín a scaoileadh chun báis. D’iarr Macklemore ar an lucht féachana cuimhneamh ar na daoine atá ag fulaingt sa Phalaistín agus léirigh sé pictiúir ar an scáileán mór den scrios atá déanta sa Phalaistín. Chomh maith leis sin, scairt sé amach “Scaoil saor an Phalaistín” leis an slua. 

(Cuid den scrios atá déanta i nGaza sa Phalaistín)


Ina dhiaidh sin, cuireadh cosc ar Macklemore bheith ag seinm sna staideanna eile i Stáit Aontaithe Mheiriceá ina mbeidh na ceolchoirmeacha den chamchuairt “Loop”. Chuir na daoine mór le rá, ar leosan na staideanna, scairt ar Ed Sheeran agus dúirt siad leis nach mbeadh cead ag na ceolchoirmeacha dul ar aghaidh ina gcuid staideanna dá mbeadh Macklemore ag seinm iontu. Dúirt Ed Sheeran go raibh sé fágtha idir dhá thine Bhealtaine - is cara leis é Macklemore, ach níor mhaith leis na leantóirí uilig a cheannaigh ticéid do na ceolchoirmeacha a ligean síos, ná na ceoltóirí eile a bhí ag brath ar an obair bheith ag seinm ar an chamchuairt. 

(Cheannaigh a lán daoine ticéidí le dul chuig na ceolchoirmeacha "Loop")


Ghlac Ed Sheeran an cinneadh iarradh ar Macklemore imeacht den chamchuairt. Ach, níor chríochnaigh an scéal ansin. Labhair Macklemore amach faoin mhéid a tharla, ag rá gur cara mór leis Ed Sheeran fosta ach ní thiocfadh leis gan a bheith ag labhairt amach faoin Phalaistín agus na rudaí atá ag tarlú ansin faoi láthair. Rud eile a rinne Macklemore, ná gur thug sé an t-airgead ar fad a shaothraigh sé ó chamchuairt “Loop” do charthanachtaí a chuidíonn le muintir na Palaistíne. 

(Páistí i scuaine sa Phalaistín agus iad ag fanacht ar bhia ó charthanacht.)


I ndiaidh do Macklemore seasamh siar ón chamchuairt, tharraing na ceoltóirí eile ar fad amach fosta - Beoga agus Aaron Rowe (arb as Éirinn dóibh), Lukas Graham (banna ceoil ón Danmhairg) agus Finneas (ceoltóir ó Mheiriceá, ar deartháir é le Billie Eilish). D’aontaigh siad uilig gur cheart tacaíocht a thabhairt do mhuintir na Palaistíne in áit fanacht ar an chamchuairt ar son airgid. 

(An banna ceoil 'Beoga')


Ceisteanna

  1. Cad é an t-ainm atá ar chamchuairt Ed Sheeran?
  2. Cad chuige a bhfuil Ed Sheeran clúiteach?
  3. Cén t-amhrán ar leith a rinne Macklemore a rapáil i Nua-Eabhrac agus cad faoi a bhfuil an t-amhrán sin scríofa? 
  4. Cad chuige ar chuir úinéirí na staideanna cosc ar Macklemore le linn na camchuairte?
  5. Cad é a rinne Macklemore leis an airgead a shaothraigh sé ó chamchuairt “Loop”?
  6. Cén cinneadh a ghlac na ceoltóirí eile i ndiaidh do Macklemore imeacht den chamchuairt?
  7. Ainmnigh 3 cheoltóir nó grúpa eile a bhí ag seinm ar chamchuairt “Loop”.
  8. Cad is ainm do dhearthair Billie Eilish? 


Le plé agus le déanamh

  • Agallamh agus Rólghlacadh: (Oibrígí i bpéirí). Samhlaígí go bhfuil iriseoir ag cur agallaimh ar Ed Sheeran nó ar Macklemore faoin chinneadh a rinne siad. Scríobhaigí 4 cheist agus ullmhaígí agallamh gairid le cur i láthair sa rang.
  • Ceannlíne Nua: Tá teideal agus fotheideal ar an alt seo. An dtiocfadh libh smaoineamh ar cheannlíne eile a bheadh maith ag barr an ailt seo leis an scéal a mhíniú go gasta agus aird léitheoirí a mhealladh chuige?
  • Seanfhocal: Tá seanfhocal amháin mar theideal ar an scéal seo. An féidir leat an seanfhocal sin a mhíniú i do chuid focal féin? Tá seanfhocal eile ann a bhaineann le cairde - “Is fearr cairde ná ór”. An dtiocfadh leat an seanfhocal sin a cheangal leis an scéal seo fosta? Mínigh do fhreagra don rang.
  • Póstaer Carthanachta: Thug Macklemore an t-airgead a shaothraigh sé do charthanachtaí. Roghnaigh carthanacht atá tábhachtach duit féin agus cruthaigh póstaer nó bileog eolais a mhíníonn an fáth ar cheart tacaíocht a thabhairt di.
  • Iontráil Dialainne (Machnamh Pearseanta): Samhlaigh gur ceoltóir thú ar an chamchuairt (mar shampla, Beoga nó Finneas). Scríobh iontráil dialainne gairid (50-80 focal) faoin lá a ghlac tú an cinneadh tarraingt amach as an chamchuairt agus na mothúcháin a bhí agat.



Creidiúintí

meas