Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Bhuel, a chairde, tá muid anois leath bealaigh tríd mhí Mheán Fómhair. Cad é mar atá sibh ag socrú isteach in bhur gcuid ranganna nua? (Nó, b’fhéidir go bhfuil cuid agaibh ag socrú isteach i scoileanna nua fosta?)

An bhfuil múinteoir nua agat i mbliana? An fear é do mhúinteoir, nó an bean í? Cad é mar a thagann tú chun na scoile? Cá mhéad dalta atá i do rang? Cad é an t-ábhar scoile is fearr leat? Cad é a bhíonn i do mhála scoile agat gach lá? Cad é a bhíonn á dhéanamh agat ag am sosa agus ag am lóin? Tá mé cinnte de gur chuir do theaghlach go leor ceisteanna ort le seachtain nó dhó anuas faoin scoil.

In áit a bheith ag smaoineamh ar fhreagraí ar an toirt ar na ceisteanna seo a chuirtear ort go randamach, cad faoi phóstaer nó leabhrán a chruthú ina léiríonn tú freagra ar gach ceist a chuireann daoine fásta ort faoin scoil. Is féidir leabhrán beag ina bhfuil 8 leathanach a chruthú amach as aon leathanach A4 ar an dóigh seo:
Anois, má tá do leabhrán beag féin cruthaithe agat, níl le déanamh agat ach na leathanaigh a líonadh le heolas faoi do shaol scoile. Scríobh “An Scoil” mar theideal ar an chéad leathanach agus tarraing pictiúr de do scoil (nó de lógó do scoile, b’fhéidir.)
(lógó scoile)
Ina dhiaidh sin, cuir teidil ar na leathanaigh eile. Smaoinigh ar na ceisteanna a chuirtear ort faoin scoil. B’fhéidir go mbeadh cuid de na teidil seo ina gcuidiú agat:
Scríobh giota eolais ar gach leathanach agus tarraing pictiúr beag leis an eolas sin a léiriú.

Ar ndóigh, ní gá an tasc seo a dhéanamh ar pháipéar. Thiocfadh leat taispeántas a dhéanamh ar ríomhaire nó táibléad fosta. Is fútsa an rogha.
(íomhá cruthaithe trí Adobe Express for Education - Dear bábóg aicsin chartún)
Ceisteanna
Le plé nó le déanamh