Léarscáil nua don Domhan

Dé Luain, an 14ú Meán Fómhair 2026


Na Náisiúin Aontaithe i Nua-Eabhrac

An raibh a fhios agat gur vótáil na Náisiúin Aontaithe le hÉire a dhéanamh níos lú!? Ní hamháin Éire, ach tíortha eile ó thuaidh. I ndáiríre, níor athraigh siad ach an mhéid a bheadh le feiceáil ar an léarscáil agus vótáil Éire ar a shon. Cad chuige ar athraigh siad an léarscáil, mar sin, nach raibh an seancheann maith go leor?

Níl léarscáil Mercator cruinn ó thaobh méide de

Bhuel, bhí agus ní raibh. Nuair a amharcann tú ar léarscáil ar an bhalla nó in atlas, is léarscáil Mercator a bhíonn ann, de ghnáth. Coinnigh i gcuimhne gur cruinneog é an Domhan – tá sé cosúil le liathróid. Má tá cruinneog agat, beidh méid na dtíortha i gceart ach, beidh cuma dhifriúil ar an mhéid ag brath ar cá háit ar an chruinneog a bhfeiceann tú iad. Sin an cineál léarscáile a rinne Gerardus Mercator. Na tíortha atá ó thuaidh (agus ó dheas), bíonn cuma níos mó orthu agus bíonn cuma níos lú ar na tíortha atá níos cóngaraí don mheánchiorcal.

Is é an dath corcra an mhéid cheart. Tá méid Mercator i ndath glas.

Tá buntáistí leis an léarscáil Mercator nó bíonn an cruth ceart ar na tíortha agus chuidigh sí le daoine a bhí ag taisteal ar long. Ach tá míbhuntáiste mór ag baint leis an léarscáil seo – bíonn áiteanna cosúil leis an Afraic i bhfad níos lú ná mar atá siad sna fhíorshaol. Mar shampla, tá an Ghraonlainn níos mó ná 10 n-oiread níos lú ná an Afraic ach tá sí ar an mhéid chéanna ar an léarscáil!

Is áit thábhachtach í an Afraic. Seo Johannesburg san Afraic Theas.

Ní mó ná sásta a bhí na daoine a chónaíonn sna háiteanna a rinneadh beag, ar ndóigh, agus mhol siad go mbeadh léarscáil fhíor ann a léireodh na méideanna cearta. Má tá an Afraic beag ar an léarscáil, beidh daoine ag smaoineamh nach bhfuil tábhacht ar bith léi, a dúirt siad. Agus vótáil na Náisiúin Aontaithe gur chóir an léarscáil nua a úsáid as seo amach sa seomra ranga agus ar léarscáileanna ar líne.


Ceisteanna:

1. Cén eagraíocht a vótáil leis an léarscáil nua den Domhan a úsáid?

2. Cén t-ainm atá ar an tsean-léarscáil?

3. Cén buntáiste a bhain le léarscáil Mercator?

4. Cén mhór-roinn atá i bhfad níos mó ná mar a fheictear ar léarscáil Mercator?

5. Cad iad na háiteanna a mholtar an léarscáil nua a úsáid, dar leis an alt?


Le déanamh:

Ag úsáid léarscáile nó atlais, aimsigh 3 thír atá ar an mheánchiorcal.


Scríobh litir ghairid chuig na Náisiúin Aontaithe ag míniú cé acu a aontaíonn tú leis an léarscáil nua nó nach n-aontaíonn. Tabhair dhá chúis le do thuairim.


Le plé:

Ba iad Stáit Aontaithe Mheiriceá a vótáil in éadan na léarscáile nua. Cad chuige, dar leat, a ndearna siad sin?


Pictiúir:

Na Náisiúin Aontaithe: Aditya E.S. Wicaksono / Shutterstock.com

Johannesburg, an Afraic Theas: ByDroneVideos / Shutterstock.com


meas