Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Nuair a chónaíonn tú in Éirinn, thig leat bheith measartha cinnte faoi rud amháin gach samhradh – beidh go leor laethanta fliucha ann. 🌧️🌧️🌧️
Mar sin, má bhíonn tú ag iarraidh rud éigin le déanamh agus é ag cur taobh amuigh, thiocfadh leat triail a bhaint as DÚSHLÁN LÉITHEOIREACHTA AN tSAMHRAIDH.
Níl le déanamh agat ach cliceáil ar an chnaipe thíos ag bun an leathanaigh le halt randamach a oscailt agus ansin na sonraí a scríobh isteach ar do Loga Léitheoireachta.
Is féidir leat do Loga Léitheoireachta a chur le chéile ar Google Doc, Pages nó Word.
📖 MO LOGA LÉITHEOIREACHTA – NUACHTANOIS 📖
📰 Alt 1 📰
🗓 Dáta: __________________________
📰 Teideal an ailt: __________________________
⭐ Thaitin an t-alt seo liom: ⭐ ⭐ ⭐ ⭐ ⭐
Tabhair idir 1 ⭐ agus 5 ⭐ don alt. Thig leat an fáth ar roghnaigh tú an méid seo a lua fosta, más mian leat.
🔍 San alt, aimsigh:
• Ainm duine amháin: __________________________
• Ainm áite amháin: __________________________
• Uimhir amháin, mar shampla bliain, aois, fad nó costas: __________________________
• Focal nua a d’fhoghlaim mé: __________________________
• Ciallaíonn sé: __________________________
💡 Rud amháin a d’fhoghlaim mé ón alt:
____________________________________________________
❓ Ceist amháin atá agam go fóill:
____________________________________________________
🎯 Tabhair sprioc duit féin!
Cá mhéad alt, dar leat, a thiocfadh leat a léamh an samhradh seo?
5 alt – Cré-umha 🥉
10 n-alt – Airgead 🥈
20 alt – Ór 🥇
20+ alt – Laoch na Léitheoireachta! 🏆
Más mian leat do Loga Léitheoireachta a sheoladh isteach chugainne (nuacht@aisaonad.org) ag deireadh an tsamhraidh, b’fhéidir go dtiocfadh linn duais a thabhairt don cheann is fearr!
Bígí ag léamh! 📚