Féile na mBláthanna

Dé Luain, an 1ú Meitheamh, 2026


Tá féile mhór ag titim amach i mBaile Átha Cliath inniu, Féile na mBláthanna. Ar chuala tú iomrá ar bith uirthi? “Bloom” is teideal don fhéile seo i mBéarla.


Tá “Bloom” ar an fhéile is mó agus is clúití sa tír a dhéanann ceiliúradh ar an gharraíodóireacht, ar an bhia agus ar an inbhuanaitheacht. An rud atá i gceist leis an “inbhuanaitheacht” ná maireachtáil ar bhealach nach ndéanann dochar don phláinéad agus a chuidíonn leis an phláinéad a chaomhnú do na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh.


Thosaigh an fhéile Déardaoin seo caite agus tiocfaidh sí chun críche inniu. Má bhí tú faoi Bhaile Átha Cliath, b’fhéidir gur thug tú cuairt ar an fhéile ag deireadh na seachtaine?


Ní hamháin gur féidir leat amharc ar bhláthanna deasa le linn na féile seo, ach is féidir síolta a chur agus potaí beaga a thabhairt chun an bhaile leat, bianna blasta difriúla a bhlaiseadh, spraoi sráide a fheiceáil, ceol a chloisteáil agus páirt a ghlacadh in imeachtaí eile, cosúil le ciseáin a dhéanamh.


Is é seo an 20ú bliain den fhéile dhathúil spraíúil seo. Tarlaíonn sé i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath gach bliain, agus tagann breis agus 100,000 cuairteoir chuici. An raibh tú féin ar dhuine acu?

(Cuairteoirí i bPáirc an Fhionnuisce, Baile Atha Cliath. Pic le Mick Harper trí Shutterstock.com)


Is í Páirc an Fhionnuisce an pháirc is mó atá suite i bpríomhchathair ar bith san Eoraip. Tá sí ollmhór - tá 709 heicteár (nó 1750 acra) ann!


Ó bhí an 17ú haois ann, tá tréad fianna buí ina gcónaí sa pháirc.


Tá Zú Bhaile Átha Cliath lonnaithe sa pháirc fosta.


Chomh maith leis sin, tá an teach ina gcónaíonn an tUachtarán (Áras an Uachtaráin) suite i bPáirc an Fhionnuisce.


Ceisteanna

  1. Cén chathair ina bhfuil Féile na mBláthanna ag titim amach?
  2. Cén t-ainm Béarla a thugtar ar an fhéile seo?
  3. Ainmnigh na trí rud a dhéanann an fhéile seo a cheiliúradh.
  4. Mínigh i do chuid focal féin cad is ciall leis an fhocal "inbhuanaitheacht".
  5. Cén pháirc ollmhór i mBaile Átha Cliath ina dtarlaíonn an fhéile gach bliain?
  6. Cá fhad a mhaireann Féile na mBláthanna i mbliana?
  7. Ainmnigh trí ghníomhaíocht is féidir leat a dhéanamh ag an fhéile, seachas amharc ar bhláthanna deasa.
  8. Cad é an cineál ainmhí atá le feiceáil i bPáirc an Fhionnuisce le 400 bliain anuas?
  9. Cá mhéad cuairteoir a thagann chuig an fhéile gach bliain?
  10. Ainmnigh dhá rud eile atá lonnaithe i bPáirc an Fhionnuisce.


Le plé nó le déanamh

  • Taighde ar an Inbhuanaitheacht: Faigh amach trí bhealach shimplí ar féidir leat féin a bheith níos inbhuanaithe sa bhaile nó ar scoil. Tarraing pictiúir a thaispeánann na bealaí seo.
  • Cruthaigh Póstaer: Dear póstaer ildaite d’Fhéile na mBláthanna. Cuir san áireamh an t-ainm, an áit, agus trí chúis ar chóir do dhaoine cuairt a thabhairt uirthi.
  • Eolas eile ar an fhéile: tá pictiúr agus eolas eile faoin fhéile ar fáil anseo. (Ár leithscéal, is i mBéarla amháin atá an suíomh seo).


meas