Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Foireann Barcelona
Bhí bua iontach maith ag Barcelona ar Lyons, Dé Sathairn, in Osló na hIorua. Seo an ceathrú huair a bhain foireann na mban Corn na gCuradh le sé bliana anuas. Ewa Pajor agus Salma Paralluelo an dá laoch sa chluiche agus dhá chúl an duine acu. Tháinig na cúil uilig sa dara leath agus bhí cuma dhifriúil ar rudaí sa chéad leath. Go deimhin, shíl Lyons gur scóráil siad an chéad chúl taobh istigh de 15 bhomaite ach léirigh an VAR go raibh imreoir Lyons as alt na himeartha.
Salma Paralluelo
Chaill Barcelona an cluiche ceannais anuraidh in éadan Arsenal ach is léir go bhfuil siad ar ais i mbarr a maitheasa arís. I Sraith a hAon na Spáinne, La Primera División, bhí mná Barcelona 15 phointe chun cinn ar an fhoireann is cóngaraí, Real Madrid. Bliain mhaith eile a bhí ann d’fhir Barcelona nó bhain siadsan Sraith an hAon chomh maith ach níor éirigh leo an cluiche ceannais a bhaint amach i Sraith na gCuradh i mbliana.
Ewa Pajor
An dá fhoireann fear a bheas ag tabhairt aghaidh ar a chéile an Satharn beag seo i mBúdaipeist na hUngáire ná Arsenal agus PSG, nó Paris Saint-Germain. Tá na Gunnadóirí i ndiaidh Sraith Shasana a bhaint agus beidh siadsan faoi lán brí don chluiche. Ar an lámh eile, bhuaigh PSG Ligue 1 na Fraince agus is leo an Corn faoi láthair. Bhuail Arsenal Atletico Madrid le dul ar aghaidh go dtí an cluiche ceannais agus bhuail PSG Bayern Munich.
Imreoir lár páirce Arsenal, Declan Rice
Cé go bhfuil foireann iontach ag PSG, tá ceist ann faoi bheirt de na réaltaí, mar atá, Ousmane Dembele agus Achraf Hakimi, cé go ndúirt Dembele go raibh sé dóchasach go leor go mbeidh sé slán le tosú ar an lá mór.
Dembele in éadan Bayern
Buailfear an cic tosaigh ar 5.00 Dé Sathairn agus beidh am breise ann mar aon le ciceanna pionóis, má bhíonn an dá fhoireann ar comhscór ag an am.

Ceisteanna:
1. Cá raibh cluiche ceannais Shraith na gCuradh ar siúl an tseachtain seo caite?
2. Cad iad na foirne ban a bhí ag imirt?
3. Cé hiad na laochra a scóráil na cúil do Barcelona?
4. I gcomórtas na bhfear, cad iad an dá fhoireann a bheidh ag imirt i gCorn na gCuradh i mbliana?
5. Cén tsraith a bhuaigh Arsenal i mbliana?
Le plé:
An rud maith é VAR i sacar an lae inniu?
An fearr leat cluiche a chríochnaíonn le buaiteoir nó an fearr ciceanna pionóis?
Cé a bhainfidh an cluiche ceannais, Arsenal nó PSG?
Le déanamh:
Aimsigh agus mínigh na focail spóirt seo ón alt:
• laoch
• cluiche ceannais
• comhscór
• cic tosaigh
• am breise
Pictiúir:
Patri Guijarro: Christian Bertrand / Shutterstock.com
E. Pajor: Christian Bertrand / Shutterstock.com
Foireann na mBan, Barcelona: Christian Bertrand / Shutterstock.com
Tús cluiche/Bratach Shraith na gCuradh: cristiano barni / Shutterstock.com
Dembele: Marco Iacobucci Epp / Shutterstock.com
Corn 2025: cristiano barni / Shutterstock.com
PSG sa chluiche leathcheannais: SPORTS PRESS MEDIA / Shutterstock.com
Declan Rice, Arsenal: SPORTS PRESS MEDIA / Shutterstock.com