Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Baineann an seanfhocal seo le méid agus le féinmhuinín. Is é a chiallaíonn sé, ná, is cuma cé chomh mór nó cé chomh láidir is atá an crann, beidh tú ábalta é a leagan le tua bheag 🪓.
Is cuma mura bhfuil tú chomh mór ná chomh láidir le daoine eile, má chreideann tú ionat féin, beidh leat!

Baineann sé le buanseasmhacht – ní bheidh sé furasta crann mór a leagan le tua bheag. Ní tharlóidh sé láithreach. Ach, má leanann tú ort, má chuireann tú isteach an iarracht, beidh leat sa deireadh.
Seangán beag – thig leis na créatúir bheaga seo rudaí MÓRA a dhéanamh!
Samhlaigh foireann spóirt. Feiceann siad go bhfuil an fhoireann eile i bhfad níos mó. Tagann eagla orthu agus cailleann siad misneach…thiocfadh leis an traenálaí a rá leo leagfaidh tua bheag crann mór!
Leagfaidh tua bheag crann mór…tá súil againn! 😬
An tseachtain seo caite, thíos i gCorcaigh, chuir comhairleoir rún os comhair na Comhairle Cathrach. Bhí sé ag iarraidh dealbh a chur suas, an dealbh is lú riamh ar domhan. Bhí sé ag iarraidh an dealbh seo a chur suas in ómós don mhuiscít bheag a bhain greim as Oilibhéar Cromail nuair a bhí sé i gCorcaigh i 1650.
Muiscít
Tá míchlú ar Oilibhéar Cromail mar gheall ar na rudaí uafásacha a rinne sé in Éirinn. Tháinig sé go hÉirinn i 1649 mar cheannaire ar Arm Shasana. Mharaigh sé na mílte mílte duine – mná agus páistí san áireamh – agus thóg sé cuid mhór talaimh ó na Gaeil. Tá míchlú air mar gheall ar an slad a rinne sé i nDroichead Átha agus i Loch Garman, go háirithe.
Rinne Cromail agus a chuid saighdiúirí scrios agus slad in Éirinn
De réir an tseanchais, nuair a bhí sé i gCorcaigh, bhain muiscít greim as agus thug maláire dó – tinneas iontach contúirteach. Fuair Cromail bás 8 mbliana níos moille, as maláire, más fíor. Deir muintir Chorcaí gurbh í an mhaláire a thóg sé i gCorcaigh a mharaigh é! Mar a tharlaíonn sé, síleann go leor staraithe go bhfuil seans maith ann gur thóg sé an tinneas nuair a bhí sé in Éirinn agus gur fhan sé ina chorp.
Mar sin, mar a chruthaigh an mhuiscít bheag ó Chontae na Reibiliúnaithe – leagfaidh tua bheag crann mór!

Ceisteanna Tuisceana
1. Mínigh an seanfhocal ‘Leagfaidh tua bheag crann mór’ i do chuid focal féin.
2. Cén bhaint atá ag an seanfhocal le féinmhuinín?
3. Cad is brí leis an fhocal buanseasmhacht?
4. Cén fáth nach mbeadh sé furasta crann mór a leagan le tua bheag?
5. Cén cineál de dhealbh atá an comhairleoir i gCorcaigh ag iarraidh a chur suas?
6. Cérbh é Oilibhéar Cromail?
7. Cén tinneas a deirtear a fuair Cromail ón mhuiscít?
8. Cén leasainm atá ar Chontae Chorcaí?
Pointí Plé
🪓 An síleann tú go bhfuil sé fíor nach gá duit a bheith mór ná láidir le rud mór a bhaint amach? Tabhair sampla.
🪓 An bhfuil seanfhocal eile ar eolas agat a bhaineann le hiarracht, misneach nó buanseasmhacht?
🪓 Mar rang, an dtig libh smaoineamh ar chásanna eile ina dtiocfadh libh an seanfhocal seo a úsáid?
