Tábhacht na gcrann fadó

Dé Luain, an 20ú Aibreán 2026


Bíonn caint ann na laethanta seo faoi chúram a thabhairt don timpeallacht. Tuigimid anois an dochar a dhéanann daoine don timpeallacht agus na rudaí ba chóir dúinn a dhéanamh leis an phláinéad a chosaint. [Léigh an t-alt seo, mar shampla]. Ach an raibh a fhios agat go raibh meas agus urraim ag na sean-Ghaeil ar an timpeallacht chomh maith, go háirithe ar na crainn?

Bhí grúpa dlíthe ag na Gaeil fadó darbh ainm An Féineachas. Leag siad amach na rudaí ba chóir do dhaoine a dhéanamh agus na rudaí a tharlódh dá mbrisfeadh siad na rialacha. Thug siad ‘éiric’ ar an phraghas a bhí le híoc as briseadh na rialacha. Fíneáil a bhí ann, i ndáiríre. In amanna, bhí orthu praghas mór a dhíol dá mbeadh riail thábhachtach i gceist.

Bhí éiric mhór le híoc as dochar a dhéanamh do chrann uasal

Ach an rud is suimiúla faoin Fhéineachas ná go raibh cosaint ann do na crainn. Dá ndéanfadh duine ar bith dochar do chrann uasal, an dair, mar shampla, nó an crann úll, bheadh orthu éiric mhór a íoc. I gcás mar sin, bheadh orthu bó nó rud luachmhar a thabhairt mar chúiteamh.

Ba choir é crann a leagan gan chead

Léirigh na dlíthe seo cé chomh tábhachtach is a bhí na crainn i saol na nGael fadó. Bhí na crainn luachmhar, úsáideach agus draíochtúil, fiú. Is ó na crainn a fuair daoine bia, foscadh, uirlisí agus teas. Dá bharr sin, ba choir é crann a leagan gan chead.

Crann úll

Léiríonn na seandlíthe seo dúinn go raibh grá mór ag ár sinsir don dúlra. Leag siad béim mhór ar an chothromaíocht sa saol. Thuig siad go raibh tábhacht ag na crainn don am a bhí le teacht. Tríd dhlíthe láidre a leanstan leis na crainn a chosaint, chinntigh siad gur mhair na coillte ar feadh tamall fada.

Léiríonn na dlíthe seo nach smaoineamh nua é aire a thabhairt don timpeallacht. Ba chur chuige luachmhar é dár sinsir leis na mílte bliain.

Ceisteanna:

1. Cén t-ainm a bhí ar na dlíthe a bhí ag na Gaeil fadó?

2. Cad é an chiall atá leis an fhocal ‘éiric’? Mínigh é in abairt.

3. Tabhair sampla amháin de ‘chrann uasal’.

4. Déan liosta de na rudaí a fuair daoine ó na crainn fadó.

5. Cad é a léiríonn na seandlíthe dúinn faoi dhearcadh na nGael ar an timpeallacht?


Le plé:

An bhfuil meas ag daoine sa lá inniu ar na crainn? Mínigh do fhreagra.


Cad chuige a bhfuil sé tábhachtach na crainn agus an timpeallacht a chosaint sa lá inniu. Cuardaigh ailt eile ar an ardán seo le cuidiú leat. Bain triail as na focail seo, mar shampla: ‘timpeallacht’, ‘cosaint’, ‘téamh domhanda’, ‘dé-ocsaíd charbóin’.


meas