Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
An maith leat é nuair a bhíonn rudaí ag pléascadh? Balúin, mar shampla, nó deoch shúilíneach i ndiaidh duit é a chroitheadh? Is cinnte go mbíonn sin suimiúil (agus rud beag salach, in amanna!)

Inniu, ba mhaith liom a thaispeáint daoibh an dóigh le bolcán beag a chruthú daoibh féin. Ní hamháin go bhfuil sé seo spraíúil, ach beidh sibh ag foghlaim faoin eolaíocht fosta. Seo físeán beag a chruthaigh muid le cuidiú ó Grace, dalta Ard-Leibhéil a bhfuil an-dúil aici i gcúrsaí eolaíochta.
Cad é mar a dhéantar an turgnamh?
Seo an dóigh a scríobhann eolaithe síos a gcuid turgnamh.
De dhíth:

Na Céimeanna
Lean na treoracha seo le do bholcán féin a chur ag pléascadh:

Cad é a tharla? (Na Torthaí)
Chomh luath agus a bhuaileann an fínéagar an tsóid aráin, tosaíonn an meascán ag borradh go gasta. Bíonn boilgeoga móra á gcruthú, agus tarlaíonn mionphléascadh.
Nuair a scríobhann tú faoi thurgnamh eolaíochta, caithfidh tú a mhíniú cad chuige a bhfuil na rudaí ag tarlú.
Míniú Eolaíochta
An tImoibriú Ceimiceach
Nuair a chuirtear an tSóid Aráin agus an Fínéagar le chéile, tosaíonn siad ag athrú a chéile le substaint nua a chruthú. Tugtar Imoibriú Ceimiceach air sin.
(I saol na heolaíochta, is glanmhalairtí iad alcaile agus aigéad agus bíonn siad ag imoibriú lena chéile). Nuair a mheascann an t-aigéad agus an alcaile le chéile, cruthaíonn siad trí rud nua!
(an salann a bhí fágtha ag an deireadh)
An Gás a Chruthaigh an Pléascadh
Is é an gás nua seo an rún taobh thiar den bholcán. Tá an gás ag iarraidh éalú ón chupán chomh gasta agus is féidir. Dé-ocsaíd charbóin atá sa ghás seo (an gás céanna atá sna boilgeoga i ndeochanna súilíneacha).
Nuair a chruthaítear an oiread sin gáis in áit bheag (an cupán), caithfidh sé teacht amach go gasta. Mar gur chuir muid an ghallúnach isteach sa mheascán, ceapann sin cuid den ghás sna boilgeoga. Bíonn sé níos fusa againn éifeacht an gháis a fheiceáil sa mhionphléascadh mar gheall ar an ghallúnach.

Ceisteanna
Le plé agus le déanamh:
Bain triail as na rudaí sin agus feicfidh tú cad é mar is féidir leis an eolaíocht rudaí a athrú!