Turgnamh Eolaíochta simplí

Déardaoin, an 16ú Aibreán, 2026


An maith leat an eolaíocht? Cuidíonn an eolaíocht linn a thuiscint cén dóigh a mbíonn rudaí ag athrú sa saol thart timpeall orainn. Ach, an raibh a fhios agat go dtig leat rudaí a athrú tú féin? Níl le déanamh agat ach úsáid a bhaint as an eolaíocht.


Mar shampla, is féidir bolcán beag a chruthú sa bhaile, ag úsáid na heolaíochta. Rud a bheas spraíúil - a fhad is go n-iarrann tú cead roimh ré! (Níor mhaith leat prácás a dhéanamh sa teach!)


Leis an turgnamh seo a dhéanamh, caithfidh tú Sóid Aráin agus Fínéagar a mheascadh le chéile i gcupán. Ach, ar dtús, cuir síos tráidire leis an tábla nó an t-urlár a choinneáil glan. Tá Gallúnach de dhíth ort fosta le go mbeidh an pléascadh níos soiléire.

(Seo iad na rudaí atá de dhith ort.)


Is í an chéim is tábhachtaí ná an Fínéagar a chur leis an tSóid Aráin go gasta. Nuair a bhuaileann an dá ábhar seo lena chéile, tarlaíonn Imoibriú Ceimiceach.


Is ionann imoibriú ceimiceach agus an rud a tharlaíonn nuair a mheascann 2 (nó níos mó) ábhar lena chéile le rud éigin iomlán nua a chruthú. Sa chas seo, cruthaítear trí rud nua: uisce, salann, agus an-chuid gáis (Dé-ocsaíd charbóin).


Is é an gás seo (an gás céanna a bhíonn i ndeochanna súilíneacha) an rún taobh thiar den turgnamh. Brúnn an gás amach as an chupán go gasta, agus seo an rud a chruthaíonn an mionphléascadh. Ceapann an ghallúnach cuid den ghás sna boilgeoga (ach ab é sin, ní bheimis ábalta an gás a fheiceáil.)

(Bíonn salann fágtha sa chupán ag an deireadh.)


Le plé nó le déanamh

🧪 Bain triail as an turgnamh beag seo tú fein - ach IARR CEAD ar dtús!

🧪Tá físeán a léiríonn an turgnamh seo agus níos mó eolais faoin imoibriú ceimiceach, chomh maith le smaointe do thurgnaimh eile le fáil san fhillteán fíricí seo.


Ceisteanna

  1. Cén t-ainm atá ar an turgnamh eolaíochta seo?
  2. Cén fáth a gcaithfidh tú cead a iarraidh sula ndéanann tú an turgnamh?
  3. Cén dá phríomh-ábhar atá de dhíth ort leis an bholcán bheag phléascach seo a chruthú?
  4. Cuir síos ar an imoibriú a tharlaíonn nuair a bhuaileann an dá ábhar seo lena chéile.
  5. Cé na trí rud nua a chruthaítear san imoibriú ceimiceach?


meas