Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Criú Artemis II sa chapsúl sa spás
Bhí ríméad ar NASA an tseachtain seo caite. D’éirigh leo capsúl Artemis II a fháil ar ais slán sábháilte i ndiaidh misean 10 lá thart timpeall ar an Ghealach. Thuirling an capsúl isteach san Aigéan Ciúin ar an 10ú Aibreán agus thóg long an ceathrar criú. 14 bhomaite roimhe sin, bhuail siad atmaisféar an Domhain ar luas 38,000km san uair.
Capsúl Artemis II le linn an mhisin
Agus é ag dul chomh gasta sin, d’éirigh sé iontach te ar fad thart ar an chapsúl nuair a bhuail sé an t-aer san atmaisféar. Bhí sciath speisialta ar an chapsúl a choinnigh cuid mhaith den teas amuigh agus d’oibrigh sé i gceart nó níor gortaíodh aon duine istigh ann. Cuid mhaith den am sin, ní raibh an criú i dteagmháil le NASA. Sa chuid dheireanach den turas anuas, d’fheidhmigh siad na paraisiúit agus thit an capsúl go séimh san uisce. Bhí báid agus héileacaptair réidh leis an chriú a thógáil, rud a rinne siad.

D’éirigh go geal leis an mhisean. Lainseáil an roicéad le capsúl Artemis II air ó Florida ar an 1ú Aibreán agus chuaigh an criú, Reid Wiseman, Victor Glover, Christina Koch agus Jeremy Hansen, ar aghaidh go dtí an taobh eile den Ghealach. Rinne siad an turas is faide ar shiúl ón Domhan a rinne daoine riamh, 406,771km. San iomlán, thaistil siad tuilleadh agus milliún ciliméadar.
Lainseáil Artemis II
Ar an turas, fuair siad amharc iontach maith ar an taobh eile den Ghealach, an taobh nach féidir linn a fheiceáil ón Domhan. Ghlac siad grianghraf siombalach agus iad ann – an Domhan ag dul faoi, taobh thiar den Ghealach.
An Domhan ‘ag dul faoi’
Cé nár thuirling Artemis II ar an Ghealach féin, thástáil siad an córas le go mbeidh daoine ábalta leaindeáil ar an Ghealach thart ar an bhliain 2028. Ach, idir an dá linn, thug criú Artemis II teachtaireacht thábhachtach dúinn ón taobh eile den Ghealach: is baile álainn atá againn sa Domhan agus is gá dúinn é a chosaint.
An Domhan tríd an fhuinneog!
Ceisteanna:
1. Cad chuige a raibh ríméad ar NASA?
2. Cén áit ar thuirling an capsúl?
3. Cá mhéad duine a bhí sa chriú?
4. Cad é a tharla sa chuid dheireanach den turas anuas?
5. Cad é an teachtaireacht a thug an criú ar ais faoin Domhan?
Le plé:
Déanaigí liosta de na scileanna a bheadh de dhíth ar spásaire. Mar ghrúpa, cuirigí in ord tábhachta iad.
Cad é mar a mhothaigh an criú nuair a chonaic siad an Domhan i bhfad ar shiúl ón spás?
Cad chuige a bhfuil sé tábhachtach aire a thabhairt don Domhan?
Le déanamh:
Scríobh dialann mar spásaire ar bord Artemis II. Déan cur síos ar na rudaí a chonaic tú. Cad é mar a mhothaigh tú ag na hamanna seo: lainseáil ar an 1ú Aibreán, ag amharc siar ar an Domhan, ag dul thart ar an Ghealach, tuirlingt. An raibh eagla ort in am ar bith?
Pictiúir:
Tuirlingt ar uisce: NASA/Bill Ingalls
Bád agus capsúl: NASA/Joel Kowsky
Criú Artemis II: Rawpixel.com / Shutterstock.com
Lainseáil Artemis II: Rawpixel.com / Shutterstock.com
Capsúl: Rawpixel.com / Shutterstock.com