Cruthanna thart timpeall orainn

Déardaoin, an 26ú  Márta 2026

(le Gráinne Uí Loingsigh)


Inniu Lá Domhanda na Matamaitice. Ar an lá seo, déantar ceiliúradh ar an Mhatamaitic. Bímid ag foghlaim na Matamaitice ar scoil, ach is mó ná ábhar scoile í. Bíonn an Mhatamaitic thart timpeall orainn sa saol an t-am ar fad.


Mar shampla, smaoinigh ar chruthanna. Tá cruthanna gach áit. Amharc thart ort anois. Cad iad na cruthanna is féidir leat a fheiceáil?


Smaoinigh ar do bhealach chun na scoile. Cad iad na cruthanna a bhíonn sa timpeallacht? Tá seans maith ann go bhfaca tú na cruthanna seo ar na mallaibh!


Cruthanna Déthoiseacha (2T)

ciorcal

triantán agus ciorcal


ciorcal agus saighead

ciorcal eile


dronnuilleog

dronuilleoga agus cearnóga


dhá chearnóg


triantán


réalta

réaltaí


heicseagán


ubhchruth 


peinteagán


leathchiorcal


Is cruthanna cothroma iad na cruthanna déthoiseacha (2T). Is féidir iad a dhéanamh amach as píosa páipéir.


Tá cineál eile de chruthanna ann - cruthanna tríthoiseacha (3T). Bíonn na cruthanna tríthoiseacha ‘ramhar’. (Bíonn toirt iontu.)


An bhfaca tú cuid ar bith de na cruthanna tríthoiseacha seo?


Cruthanna Tríthoiseacha (3T)

priosma triantánach


pirimid


sféar


cón


sorcóir



ciúb


ciúbóideach


Ceisteanna

(Thiocfadh le daltaí níos sine na ceisteanna seo a chur ar pháistí na mbunranganna, ach bíodh pictiúir agus mionsamhlacha de na cruthanna ar láimh acu le gur féidir leis na daltaí óga na cruthanna a fheiceáil agus a láimhseail agus iad ag tabhairt a gcuid freagraí.)


  1. An féidir leat teacht ar rud éigin sa seomra ranga a bhfuil cruth an triantáin air?
  2. Cad é an difear idir cearnóg agus ciúb?
  3. Cad é difear idir ciorcal agus ubhchruth?
  4. Cé acu cruthanna a bhíonn le feiceáil i spéir na hoíche?
  5. An féidir le ciorcal rolladh síos cnoc? Mínigh do fhreagra. An bhfuil cruth eile atá ábalta rolladh go furasta síos an cnoc? Cé acu cruth atá ann?


Le plé agus le déanamh

(Arís is tascanna simplí iad seo ar féidir le daltaí níos sine cuidiú a thabhairt do pháistí níos óige lena ndéanamh ar ‘Lá Domhanda na Matamatice’.)


  • Mála draíochta - cuir meascán de chruthanna isteach i mála. Lig do pháiste óg a lámh a chur isteach agus cruth amháin a roghnú. Caithfidh an páiste óg cur síos a dhéanamh ar an chruth. (Thiocfadh le dalta níos sine cuidiú leis nó léi trí cheisteanna a chur.) Iarr ar an pháiste óg buille faoi thuairim a thabhairt ar cé acu cruth atá ann sula dtógann sé / sí amach as an mhála é.
  • Cuardach na gCruthanna - téigí ar shiúlóid thart faoin scoil agus clós na scoile. Caithfidh na páistí óga cruthanna a chuardach agus iad a ainmniú nuair a aimsíonn siad ceann. Thiocfadh le daltaí níos sine cuidiú leo taifead a choinneáil ar an líon de gach cruth a aimsíonn siad.
  • Cruthanna le do chorp - Mar chuid de cheacht corpoiliúna, iarr ar na daltaí óga cruthanna a dhéanamh. Mar shampla, an féidir leat triantán a dhéanamh le do mhéara, nó le do chosa? An féidir libh ciorcal mór a dhéanamh mar ghrúpa? srl.
  • An Ealaín agus an Mhatamaitic - Lig do na páistí óga ‘pictiúir chruthanna’ a chruthú trí phriontaí a dhéanamh le prátaí nó spúinsí. Is féidir aird a tharraingt ar an difear idir cruth tríthoiseach (an spúinse / an práta) agus cruth déthoiseach (an prionta ar an pháipéar).


meas