Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Mosc in Isfahan
Má éisteann tú leis an nuacht na laethanta seo, seans maith go gcluinfidh tú faoin Iaráin. Ach cad chuige a bhfuil an oiread sin cainte fúithi? Is tír iontach mór í an Iaráin a bhfuil 92 milliún duine ina gcónaí ann. Tá sí suite sa mheánoirthear, in aice leis an Tuirc, an Phacastáin agus an Iaráic agus tá sí ag crosbhóthar idir an Eoraip agus an Áise. Tehran an phríomhchathair atá aici agus is í Fairsis an teanga oifigiúil, cé go bhfuil mionteangacha eile sa tír.

Mosc Bozog, Tehran
Is tír í a bhfuil stair fhada aici. Luaitear Impireacht na Peirse, sean-ainm ar an Iaráin, chomh fada siar le 559RC, dhá mhíle cúig chéad bliain ó shin. Tá cultúr iontach saibhir ag na hIaránaigh agus tá éachtaí déanta acu sa litríocht, sa cheol, san ealaín agus san ailtireacht. Chomh maith leis sin, tá dúil mhór acu sa bhia.

Ayatollah Ali Khamenei, ceannaire reiligiúnda na tíre
Baineann an chuid is mó de na daoine leis an chreideamh Shiach, brainse den Ioslamachas. Cé go mbíonn toghcháin sa tír agus gur féidir le daoine vótáil, is iad an chléir a deir má tá cead ag daoine seasamh sa toghchán.
Diúracán
Le tamall fada, bhí Stáit Aontaithe Mheiriceá ag troid leis an Iaráin. Ní maith leo an rialtas atá ann agus rinne siad iarracht trádáil na hIaráine leis an chuid eile den domhan a stopadh. Faoi láthair, tá siad ag iarraidh nach mbeidh diúracáin núicléacha ag an Iaráin. Bhagair an tUachtarán Trump go ndéanfaidh sé ionsaí ar an tír mura scriosann an Iaráin cibé obair núicléach atá déanta acu. Deir an Iaráin nár mhaith leo diúracáin núicléacha ach gur mhaith leo cumhacht núicléach a bheith acu le leictreachas a dhéanamh.
Téann 20% d’ola an Domhain tríd an cheantar seo
Amach ó chósta na hIaráine, tá farraige iontach tábhachtach, Murascaill na Peirse. Téann cuid mhór d’ola an domhain tríd an fharraige seo agus má bhíonn cogadh leis an Iaráin, tá baol ann go ndruidfear í. Má tharlaíonn sin, ardóidh na praghsanna ar bheagnach gach rud a cheannaímid sna siopaí.
Ceisteanna:
1. Cá mhéad duine atá ina gcónaí san Iaráin?
2. Ainmnigh 3 thír atá in aice leis an Iaráin.
3. Cén teanga oifigiúil atá san Iaráin?
4. Cad é an sean-ainm a bhí ar an Iaráin?
5. Cé a dhéanann cinneadh faoi cé a bheas ábalta seasamh i dtoghchán?
Le déanamh:
Ag úsáid atlais nó cruinneoige, dear léarscáil den Iaráin. Marcáil na rudaí seo uirthi:
• An phríomhchathair, Tehran
• Murascaill na Peirse
• Cuid de na tíortha thart ar an Iaráin
Pictiúir:
Ayatollah Ali Khamenei, ceannaire reiligiúnda na tíre: FotoField / Shutterstock.com