Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
(le Brídín Ní Dhonnghaile)
Tá an spideog ar cheann de na héin is ansa le muintir na hÉireann. Is éan beag í an spideog agus is féidir í a aithint go furasta mar gheall ar an bhrollach dhearg, an droim donn agus na súile beaga dubha atá uirthi. Is minic iad a fheiceáil ag léim thart i ngairdíní, nó ina suí ar sconsa, nó ag ceol ar ghéag crainn.

Tá an spideog ar fáil gach áit in Éirinn. Is maith leo gairdíní, páirceanna, claíocha agus coillte. Ní eitlíonn an spideog ar shiúl sa gheimhreadh ach fanann siad sa tír seo.
(spideog sa chlaí)
Is iontach iad a fheiceáil ag eitilt thart sa gheimhreadh agus smaoiníonn daoine go minic orthu mar éin na Nollag, mar feicimid chomh minic sin iad ag an am sin bliana. Mar sin de, is nós iad a fheiceáil ar chártaí Nollag.

De ghnáth, itheann siad feithidí, péisteanna, damháin alla agus caora. Is éin an-chliste iad agus leanann siad garraíodóirí agus iad ag tochailt le go bhfaighidh siad péisteanna sa chré. Tá cuma shona chairdiúil ar na spideoga, ach is féidir leo a bheith cróga agus trodach, go háirithe nuair a bhíonn siad ag cosaint a spáis ó spideoga eile!
(Itheann an spideog caora.)
Is maith an rud é bia a chur amach dóibh i do ghairdín, go háirithe má bhíonn an aimsir sioctha, mar bíonn sé níos deacra orthu teacht ar go leor bia i lár an gheimhridh.

Is ceoltóirí iontacha iad chomh maith agus is minic a cheolann siad chun a spás féin a chosaint. Cluintear iad go minic ar maidin agus arís nuair a bhíonn an ghrian ag dul faoi.

In Éirinn, is siombail an-tábhachtach í an spideog. Leis na céadta bliain, chreid agus creideann na Gaeil gur chóir i gcónaí a bheith cineálta dóibh agus meas a bheith againn orthu. Chreid na Gaeil go mbeadh mí-ádh ort má ghortaigh tú spideog. Shíl a lán daoine fosta go dtiocfadh le spioraid ár ndaoine muinteartha a fuair bás teacht ar ais chugainn mar spideoga. Chuidigh na smaointe seo le spideoga a chosaint mar gur thug daoine aire dóibh.
(spideog ar leac uaighe, nó spiorad duine a fuair bás?)
Tá scéal ann chomh maith a mhíníonn an fáth a bhfuil brollach dearg ar an spideog. An scéal atá ann ná gur chuidigh an spideog le hÍosa nuair a bhí sé ar an chros. Nuair a bhain an spideog dealg as ceann Íosa, thit braon fola uirthi agus d’éirigh an brollach dearg. Mar gheall air sin, mheas daoine gur éin chineálta chróga iad.

Mar sin de, nuair a fheiceann tú spideog ag léim thart, cuimhnigh go bhfuil stair fhada aici agus go bhfuil an-chion ag na Gaeil uirthi.
Ceisteanna
Le plé nó le Déanamh
1. Cruthaigh tuairisc ar Éan
Scríobh próifíl bheag faisnéise faoin spideog cosúil le próifíl charachtair:
2. Tarraing pictiúr de spideog agus cuir lipéid ar chodanna éagsúla dá corp:
3. Scríobh scéal beag “Lá le Spideog”.
Samhlaigh gur bhuail tú le spideog sa ghairdín. Ba chóir don scéal cur síos a dhéanamh ar:
4. Déan taighde ar “Éin na hÉireann”
Iarr ar na daltaí éan eile Éireannach a roghnú (druid, lon dubh, dreoilín, srl.) agus 3 fhíric a aimsiú mar chomparáid leis an spideog.
5. Scríobh achoimre ghairid ar an alt: