Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Bliain Úr mhaith duit! Nó mar a deirtear sa tSín, ‘Gong Xi Fa Cai’. Is ea, más Síneach thú, seo an chéad lá den Bhliain Úr agus beidh ceiliúradh ar siúl go dtí an 3ú Márta, ag críochnú le Féile na Lóchrann. Titeann an bhliain úr ar dháta difriúil gach bliain, ag brath ar an Ghealach.

I gcóras na Síneach, seasann ainmhí difriúil do gach bliain. Ba í an nathair a bhí ann i 2025 agus capall tine a bheidh ann do 2026. Is iad na tréithe a bhaineann leis an chapall ná obair chrua, crógacht agus neart. Tá súil ag Sínigh go mbeidh na tréithe seo le fáil i 2026. Cé go dtugaimid ‘Bliain Úr na Síneach’ ar an lá seo, déanann a lán daoine eile é a cheiliúradh, i Vítneam, mar shampla, agus sa Chóiré.

Tá áit iontach tábhachtach ag an teaghlach i gcultúr na Síne. Is ócáid mhór í an Bhliain Úr ina dtagann teaghlaigh le chéile, cosúil leis an Nollaig in Éirinn. Is minic a thaistealaíonn daoine na céadta míle le bheith ar ais sa bhaile agus bíonn roinnt laethanta saoire acu. Bíonn dinnéar speisialta ag an teaghlach ar an lá agus imeachtaí eile go ceann 15 lá eile.
Tinte ealaíne
Is minic a bhíonn tinte ealaíne ann agus creideann daoine go gcuirfidh siad an ruaig ar na drochspioraid. Chomh maith leis sin, bíonn mórshiúlta, carnabhail agus cóisirí acu. Ar an lá deireanach, ar Lá na Lóchrann, bíonn ceiliúradh mór ann agus scaoileann daoine na céadta lóchrann san aer. Bíonn cuma ghalánta orthu agus iad ag éirí suas sa spéir le titim na hoíche.
Briosca feasa
Bíonn béim mhór ar an bhia, chomh maith, sa tréimhse seo, le féastaí agus dinnéir. Itheann na Sínigh núdail nó is bia ádhúil é. Itheann siad brioscaí feasa chomh maith. Is brioscaí beaga iad a mbíonn teachtaireacht i bhfolach iontu. Insíonn an teachtaireacht rúnda duit cén cineál bliana a bheas agat. Bíonn am maith ag na páistí san fhéile seo nó faigheann siad bronntanais ó na daoine fásta. Bliain Úr mhaith duit!

Ceisteanna:
1. Cén t-ainmhí a bhí mar shiombail do 2025?
2. Cén t-ainmhí atá ann do 2026? (Is féidir leat an roth thuas a úsáid le blianta eile a fháil).
3. Dar leis an téacs, cad iad na trí thréith a bhaineann leis an chapall?
4. Ainmnigh 2 thír eile taobh amuigh den tSín ina ndéantar an fhéile seo a cheiliúradh.
5. Cad é an rud a chuireann deireadh leis an 15 lá de cheiliúradh?
Le déanamh:
Scríobh trí theachtaireacht dhearfacha do 2026. Tabhair amach iad do thrí chara. (Is féidir seo a dhéanamh in bhur ngrúpaí de cheathrar).
Déan liosta de na cosúlachtaí agus na difríochtaí idir Bliain Úr na Síneach agus an Nollaig in Éirinn.