Máirt na hInide

Dé Luain, an 16ú Feabhra 2026

(le Brídín Ní Dhonnghaile)


Amárach Máirt na hInide. Titeann Máirt na hInide díreach roimh Chéadaoin an Luaithrigh, céadlá an Charghais. Is séasúr san fhéilire Chríostaí é an Carghas ina dtarlaíonn troscadh agus machnamh roimh an Cháisc.

(Tosaíonn an Carghas ar Chéadaoin an Luaithrigh)


In Éirinn, bíonn meascán de thraidisiúin chreidimh, teaghlaigh agus phobail ag baint le Máirt na hInide. I dtaca le creideamh de, is lá d’Fhaoistin í Máirt na hInide. Ba mhinic daoine dul ar Faoistin chun ullmhú don daichead lá íobairte a bhí le teacht. (Téann tú ar Faoistin nuair a deir tú le sagart (agus le Dia) go bhfuil tú buartha faoi na peacaí nó na rudaí contráilte a bhí déanta agat.) Níl an nós seo chomh coitianta in Éirinn anois agus a bhíodh.

(Faoistin, pic le Norb_KM/Shutterstock.com)


Sna tithe, is é an traidisiún is láidre sa tír ná pancóga a dhéanamh. Cuireadh tús leis an traidisiún seo mar bhí daoine ag baint úsáid as na hábhair dheasa shaibhre (mar shampla, uibheacha, bainne, im agus siúcra) a bhí acu sa teach, sula ndéanfadh siad troscadh ar feadh daichead lá.


Sa teach s’againn féin, bhí teaghlach mór le cothú! Bhí grideall mhór ag mo mháthair agus chaitheadh sí an tráthnóna ar fad ag bácáil pancóg dúinn. Is cuimhin liom túr pancóg nár mhair i bhfad mar bhí na páistí uilig, mé féin san áireamh, á sciobadh go gasta. Gach uair a d’amharc mo mháthair siar ón ghrideall, bhí an túr imithe agus bhí uirthi a thuilleadh pancóg a bhácáil!


Go hiondúil, bhíodh pancóga ite le sú líomóide agus le siúcra. Itheadh iad le subh nó le síoróip in amanna, chomh maith.


Sna seanlaethanta, b’ócáid shóisialta í Máirt na hInide. Ba ghnách le comharsana dul ar cuairt chuig a chéile agus bhí damhsaí nó teacht le chéile ar siúl i gceantair iargúlta. Ba mhinic a bhí rásaí nó cluichí ar siúl mar spraoi do na páistí roimh an Charghas.


Ina theannta sin, níor ceadaíodh bainis a cheiliúradh le linn an Charghais agus mar sin de, ba mhinic bainiseacha a cheiliúradh ar Mháirt na hInide.


Sa lá atá inniu ann, níl mórán de na traidisiúin seo fágtha, ach go cinnte, déantar pancóga a bhácáil go fóill. Tagann teaghlaigh le chéile le ceiliúradh. Tríd na pancóga a bhácáil, coinníonn siad an traidisiún sin beo, traidisiún a nascann creideamh, béaloideas, gnásanna pobail agus bia i gcultúr na hÉireann.


Ceisteanna Tuisceana

  1. Cén uair a bhíonn Máirt na hInide ann?
  2. Cad é an rud é an Carghas agus cá fhad a mhaireann sé?
  3. Cad chuige a ndearna daoine pancóga ar Mháirt na hInide?
  4. Cén fáth a raibh Faoistin tábhachtach do dhaoine ar an lá seo?
  5. Cad é mar a d’ith daoine pancóga go hiondúil in Éirinn, de réir an ailt?
  6. Cén fáth, dar leat, nach bhfuil an nós faoi dhul ar Faoistin chomh coitianta anois?
  7. Cad é a léiríonn an scéal faoin túr pancóg i dteach an údair?
  8. Cén bhaint a bhí ag Máirt na hInide le bainiseacha fadó?
  9. An síleann tú go bhfuil sé tábhachtach sean-traidisiúin a choinneáil beo? Mínigh do bharúil.
  10. An bhfuil traidisiúin nua-aimseartha ar bith ann, i do bharúil, a mbeidh daoine á ndéanamh i gceann 50 bliain ar Mháirt na hInide?


Le plé nó le déanamh

  • Nuacht: Déan alt beag (5–10 n-abairt) dar teideal “Máirt na hInide i mo Theach Féin” ag míniú cad é mar a cheiliúrann tú féin agus do theaghlach an lá.
  • Ealaín / TFC: Déan póstaer nó seó sleamhnán a thaispeánann traidisiúin Mháirt na hInide fadó i gcomparáid leis an lá inniu. Úsáid 3 phictiúr agus 3 phointe eolais ar a laghad.
  • Cócaireacht / Matamaitic: Faigh oideas simplí do phancóga. (Tá ceann anseo). Oibrigh amach cá mhéad pancóg a bheas de dhíth ar an rang s’agat. Ansin, oibrigh amach méideanna na gcomhábhar (uibheacha, plúr, bainne, srl.) a bheas de dhíth leis an mhéid sin pancóg a bhácáil. (An mbeidh ort na méideanna san oideas simplí a iolrú faoi dhó nó faoi thrí, mar shampla?)
  • Rólimirt: Cruthaigh dráma beag a mhaireann 1 nó 2 nóiméad ar an ábhar: “Cár imigh an Túr Pancóg?!” Úsáid idir 8-10 bpáiste. Déan iarracht é a bheith greannmhar agus bunaithe ar scéal an údair.
  • Béaloideas a bhailiú: Fiafraigh de dhuine sa bhaile (mamó, daideo, nó tuismitheoir, mar shampla) cad é mar a rinne siad Máirt na hInide a cheiliúradh nuair a bhí siad óg. Déan achoimre (thart faoi 6 abairt) ar a bhfreagra le hathinsint don rang.
  • Stair / TFC / Oideachas Reiligiúnach: Faigh amach níos mó eolais faoi na féilte atá luaite sa chéad pharagraf (i gcló trom) trí na focail sin a chur isteach sa bharra chuardaigh ag barr an leathanaigh seo.  


meas