Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Is í Craobh na Sé Náisiún an comórtas is tábhachtaí rugbaí san Eoraip. Bíonn na milliúin duine ag amharc air gach earrach agus tá Craobh 2026 ag tosú anocht, le cluiche idir an Fhrainc agus Éire i bPáras. Is iad na sé náisiún atá i gceist sa chomórtas ná Éire, an Fhrainc, an Bhreatain Bheag, Sasana, Albain agus an Iodáil. Imríonn gach náisiún cluiche amháin i gcoinne an chúigir eile, cúig cinn san iomlán, agus bíonn tábhacht le gach cluiche.
Antoine Dupont le himirt don Fhrainc
Is cluiche thar a bheith tábhachtach é an chéad chluiche seo nó chaill Éire in éadan na Fraince anuraidh. Tamall beag ó shin, bhí Éire ar cheann de na foirne is fearr ar domhan. Sa bhliain 2023, bhain siad an Chaithréim Mhór nuair a bhuail siad na cúig náisiún eile. Ó shin i leith, áfach, d’imigh cuid de na himreoirí sinseartha agus tá imreoirí nua ag teacht tríd. Glacfaidh sé tamall orthu socrú isteach.
Bundee Aki
D’ainmnigh an cóitseálaí, Andy Farrell, painéal de 37 ach gortaíodh roinnt daoine ó shin agus tá cosc ar Bundee Aki, sárimreoir, ar feadh 3 chluiche. Ach dúirt an captaen, Caelan Doris, gur mian leis an fhoireann gnóthú níos fearr ná mar a ghnóthaigh siad anuraidh. Cé gur bhain siad an Choróin Thriarach nuair a bhuail siad Sasana, Albain agus an Bhreatain Bheag, chaill siad go holc in éadan na Fraince.
Caelan Doris
An chéad chluiche tábhachtach eile i ndiaidh cluiche na hoíche anocht ná an cluiche in éadan Shasana a bheas ar siúl i Sasana ar an 21ú Feabhra. Leanfaidh an comórtas ar aghaidh go dtí Dé Sathairn, an 14ú Márta nuair a gheobhaidh muid amach ar éirigh le hÉirinn an Chaithréim Mhór a ghnóthú nó an mbeidh foireann eile chun tosaigh orthu i mbliana.
An Fhrainc in éadan na Breataine Bige i 2025
Ceisteanna:
1. Cé hiad na foirne atá páirteach i gCraobh na Sé Náisiún?
2. Cá mhéad cluiche a imríonn gach foireann sa chomórtas?
3. Cad é a bhain Éire sa bhliain 2023?
4. Cad chuige a mbeidh sé níos deacra d’Éirinn i mbliana ná mar a bhí roimhe seo?
5. Cé hé cóitseálaí fhoireann na hÉireann?
6. Cé hé captaen fhoireann na hÉireann?
7. Cad é an pionós atá ar Bundee Aki?
8. Cén dáta a chríochnóidh Craobh na Sé Náisiún 2026?
Le déanamh:
Ar léarscáil, aimsigh na sé náisiún atá i gCraobh na Sé Náisiún. Scríobh 3 fhíric faoi gach náisiún.
Pictiúir:
Bundee Aki: Victor Velter / Shutterstock.com
An Fhrainc in éadan na Breataine Bige: Victor Velter / Shutterstock.com
Caelan Doris: Victor Velter / Shutterstock.com
Josh van der Flier (Lch tosaigh): Marco Iacobucci Epp / Shutterstock.com
Antoine Dupont: Victor Velter / Shutterstock.com