An Crann Nollag

Dé Máirt, an 16ú Nollaig 2025


Ar smaoinigh tú riamh ar an chrann Nollag? Cad chuige a mbíonn siad againn agus cad é mar a bhaineann siad leis an Nollaig? Téann stair an chrainn Nollag siar na mílte bliain, fiú roimh bhreith Íosa! Ach ní crainn lán soilse a bhí ann ag an am sin, ar ndóigh.

Bíonn sé fuar dorcha in Éirinn ag grianstad an gheimhridh

Úsáideadh crainn go traidisiúnta mar shiombail den chreideamh. Mar shampla, d’úsáid na Págánaigh iad le grianstad an gheimhridh a cheiliúradh agus tá traidisiún in Éirinn nár chóir rud ar bith glas mar dhuilleoga nó féar a dhó sa tine. Bhí plandaí glasa ag na Rómhánaigh sna teampaill le linn fhéile Saturnalia a bhí ann ag grianstad an gheimhridh chomh maith.

Mhothaigh na Págánaigh mar chuid den nádúr

Tréimhse iontach tábhachtach den bhliain a bhí ann thart ar ghrianstad an gheimhridh. Ag an am sin, chonaic na daoine na laethanta ag éirí níos giorra agus níos dorcha. Ní raibh siad cinnte nach n-imeodh an ghrian ar fad agus nach mbeadh siad ábalta bia a fhás. Mar sin de, bhí féilte ag na daoine le himpí ar an Ghrian teacht ar ais. Is siombail den fhás é an dath glas agus ní raibh siombail níos fearr ná crann nár chaill a chuid duilleog sa gheimhreadh.

Cuid de na crainn a fhanann glas le linn an gheimhridh

Mar sin de, roghnaigh na Críostaithe an tréimhse thart ar ghrianstad an gheimhridh mar shiombail den bheatha nua a bhí ag teacht le breith Íosa. Ní haon iontas é gur úsáid siad crainn mar shiombail den bheatha nua chomh maith.

Cuireadh tús le nós an Chrainn Nollag mar atá againn sa lá inniu sa Ghearmáin. Ba ghnách le daoine na crainn seo a mhaisiú le bia agus le coinnle. Níor tháinig an nós sin go hÉirinn go dtí thart ar dhá chéad bliain ó shin. Bhí banríon Shasana, Victoria, pósta ar Ghearmánach ag an am sin agus thug seisean an nós seo leis go dtí an Bhreatain. Scaip an nós go gasta ó shin.

Ba ghnách torthaí a chur ar an chrann

Thug na Gearmánaigh an nós leo go Meiriceá chomh maith. Ba ansin a cuireadh tús le soilse leictreacha a chur ar an chrann Nollag, rud a bhí i bhfad níos sábháilte ná coinnle. Cuirtear maisiúcháin ar an chrann Nollag chomh maith leis na coinnle, rudaí déanta de ghloine, adhmad agus a leithéid. In amanna, cuirtear tinsil nó ribíní air chomh maith.

Gach bliain, fástar suas le 60 milliún crann san Eoraip don Nollaig do dhaoine ar fearr leo crann fíor a bheith acu. Is féidir crann plaisteach nó saorga a úsáid chomh maith. De ghnáth, baineann an rogha seo le traidisiúin an teaghlaigh.


Ceisteanna:

1. Cé chomh fada is a théann stair an chrainn Nollag siar?

2. Cad é an rud é grianstad an gheimhridh?

3. Cad chuige ar impigh daoine ar an Ghrian teacht ar ais sa gheimhreadh?

4. Cén chiall a bhain na Críostaithe as an tréimhse thart ar ghrianstad an gheimhridh?

5. Cén tír inar thosaigh nós an chrainn Nollag mar atá againn inniu?

6. Cá mhéad crann Nollag a fhástar san Eoraip gach bliain?


Le plé:

Cén cineál crann Nollag is fearr leat, crann fíor nó crann saorga? Cad iad na buntáistí a bhíonn ag gach ceann acu?


Cad é an maisiúchán is fearr leat a chur ar do chrann féin?


An bhfuil traidisiún speisialta ag do theaghlach maidir leis an chrann Nollag?


Is féidir libh níos mó a léamh faoin ghrianstad san alt seo.


meas