Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Tá ‘Comórtas na gCártaí Nollag, 2025’ druidte anois. Ba mhaith le NuachtAnois buíochas mór a ghabháil le gach uile dhuine agus le gach uile scoil a sheol iontráil isteach. Tháinig cártaí isteach ó gach aon chearn den tír, ón Rinn thíos i gcontae Phort Láirge ar chósta theas na tíre go Doire Cholmcille, an chathair is tuaisceartaí sa tír.

Bhí an caighdeán thar a bheith ard ann arís i mbliana agus fuair muid na céadta cárta – ní raibh sé furasta ar chor ar bith buaiteoir a roghnú, ach, sa deireadh…
shocraigh muid…
…
…
an bhfuil sibh réidh?
…

Aifric Nic Gearailt, Rang a Dó
Scoil Náisiúnta na Rinne, An Rinn, Dún Garbhán.
Cárta Aifric
agus
Nina Vasile, Rang 7, Gaelscoil na bhFál, Béal Feirste, Contae Aontroma.

Cárta Nina
Bhí caighdeán na gcártaí ar fad THAR A BHEITH ARD agus tá sé soiléir gur chuir sibh uilig an-iarracht isteach, go raibh míle maith agaibh!