An Nollaig fadó

Dé Luain, an 8ú Nollaig 2025


Samhlaigh saol nach bhfuil teilifís, gutháin phóca ná fiú leictreachas ann. Sin an cineál saoil a bhí ag an chuid is mó den tír seo níos lú ná céad bliain ó shin. Mar sin de, bhí an Nollaig difriúil ag daoine chomh maith. Ach bhí rud amháin mar an gcéanna, bhí atmaisféar draíochta ann agus bhí ceiliúradh acu ag an am speisialta seo.

Aol ar na ballaí

Ag an am seo den bhliain, ghlan daoine an teach agus chuir siad aol ar na ballaí le dath geal bán a chur orthu. Is mó an seans go ndearna na daoine na maisiúcháin iad féin de láimh agus bhailigh siad cuileann agus eidhneán le cur in airde. Chuir siad ribíní agus ornáidí adhmaid ar an chrann a fuair siad sa choill.

Cuileann agus eidhneán

Sula raibh leictreachas ann, chuir daoine béim mhór ar choinnle leis an teach a lasadh. Ar Oíche Nollag, chuir muintir na hÉireann coinneal san fhuinneog, traidisiún a mhaireann go dtí an lá inniu. Chuir an choinneal fáilte roimh Íosa agus an Teaghlach Naofa. Chomh maith leis sin, thug sí cuireadh do dhuine ar bith a bhí ag taisteal ag an am sin den bhliain bualadh isteach sa teach.

Ní bhfuair páistí méid mór bronntanas, mar a fhaigheann siad anois. Ní raibh cluichí ríomhaire ann, ar ndóigh, ach bhí ríméad ar pháistí nuair a fuair siad bronntanas mar bhréagán adhmaid, scairf, béirín nó barra seacláide.

Bréagáin adhmaid

Mar atá anois, bhí dinnéar na Nollag mar bhuaicphointe sa Nollaig fadó. Bhí gé níos coitianta ná turcaí don dinnéar. Chaith muintir an tí go leor ama roimh ré le gach rud a ullmhú. Bia eile traidisiúnta don Nollaig fadó ná an císte Nollag. Císte trom a bhí ann a bhí lán torthaí triomaithe, cnónna, agus spíosraí agus cuireadh custard nó uachtar air.

Císte Nollag

Tréimhse chráifeach a bhí ann fadó, níos mó ná mar atá ann sa lá inniu. Staon daoine den bhia sula ndeachaigh siad chuig Aifreann an Mheán Oíche. Ach, nuair a tháinig siad ar ais, bhí ceiliúradh acu Oíche Nollag roimh Dhinnéar na Nollag an lá dár gcionn.


Le déanamh:

An bhfuil traidisiún ag do theaghlach féin don Nollaig? Sa rang, bailígí na traidisiúin atá ag na páistí.


Cuir ceist ar do sheantuistí faoi na traidisiúin a bhí acu don Nollaig nuair a bhí siad óg. Cad é a bhí difriúil acu leis an lá inniu agus cad é a bhíonn mar an gcéanna go fóill agaibh mar theaghlach?


meas