Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Ós rud é go mbeidh Oíche Shamhna ann seachtain ón lá inniu rinne muid ár ndícheall seanfhocal a aimsiú a mbeadh baint aige leis an fhéile scáfar seo.

‘Is minic cuma aingil ar an Diabhal féin!’
Tá an seanfhocal seo rud beag cosúil leis an nath cainte atá coitianta go leor sa Bhéarla faoin mhac tíre a bheadh gléasta mar a bheadh caora ann. Is é an rud a chiallaíonn sé, ná, cé go mbeadh cuma dheas shoineanta ar an duine nó ar an rud – bí cúramach! Seans go mbeadh an rud, nó an duine, rómhaith le bheith fíor!

Mar shampla, dá mbeifeá ag siúl abhaile leat féin, agus dá stopfadh strainséir cineálta cairdiúil cuidiúil leat le síob abhaile a thairiscint duit – ná glac leis an tsíob nó níl aithne cheart agat ar an duine agus ní thig leat muinín cheart a chur sa duine go dtí go gcuirfidh tú aithne cheart air nó uirthi!
Ná glac le síob ó strainséir, go fiú má tá cuma dheas chairdiúil air nó uirthi!
Thiocfadh leat an seanfhocal seo a úsáid fosta i ndiaidh duit a fháil amach gur drochdhuine é duine éigin. Agus tú ag amharc ar scannán, mar shampla, nuair a fhaigheann tú amach gur drochdhuine é nó í an carachtar a bhí iontach deas soineanta ag tús an scannáin – thiocfadh leat a rá: Is minic cuma aingil ar an diabhal féin!
Deas ag an tús…ach is minic cuma aingil ar an Diabhal féin!
Tá an seanfhocal seo rud beag cosúil le seanfhocal eile atá againn sa Ghaeilge – ‘Ní mar a shíltear a bhítear’. Is comhairle mhaith é seo, ná glac le gach rud bunaithe ar an chéad amharc. Nó, cé gur minic cuma aingil ar an diabhal féin, b’fhéidir go mbeadh a mhalairt fíor fosta. B’fhéidir nach mbeadh rud chomh holc céanna is a dhealraíonn sé…
Amharc ar an fhíseán bheag seo agus tuigfidh tú an méid atá i gceist againn! (Ár leithscéal as an Bhéarla!)
Le Cumann Náisiúnta na gCór (Sing Ireland)
Bainigí sult as saoire na Samhna agus as Oíche Shamhna agus bígí ciallmhar sábháilte!
Beidh NuachtAnois ar ais Dé Luain, an 3 Samhain, i ndiaidh shos Oíche Shamhna.
‘An Diabhal Dearg’ – teach tábhairne i gceathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste
Tá Béal Feirste i gContae Aontroma
Le plé/le déanamh
🎃 Ar léigh tú scéal nó an bhfaca tú scannán riamh ina bhfuil carachtar a dtiocfadh leat an seanfhocal seo a úsáid le cur síos a dhéanamh air nó uirthi – duine a raibh cuma dheas chineálta air ach a raibh droch-intinn aige?
🎃 Tá comhairle ag deireadh an ailt – bí ciallmhar sábháilte Oíche Shamhna – cad é mar a thig linn sin a dhéanamh?
🎃 Chuir ceoltóirí as Cumann Náisiúnta na gCór (Sing Ireland) ceol leis an seanfhocal Ní mar a shíltear a bhítear – an dtiocfadh libh sin a dhéanamh le Is minic cuma aingil ar an diabhal féin? An dtiocfadh libh amhrán a dhéanamh de – véarsa (nó dhó) a chumadh, b’fhéidir?