Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Mícheál D Ó hUiginn
Is í an Aoine lá an toghcháin ó dheas. Tá cead ag daoine thar 18 mbliana d’aois vóta a chaitheamh leis an chéad uachtarán eile a thoghadh. Is é Micheál D. Ó hUiginn an tUachtarán faoi láthair ach beidh air éirí as anois nó chaith sé dhá théarma de 7 mbliana mar Uachtarán. Is é Uachtarán na hÉireann ceannaire oifigiúil na tíre ach is post siombalach é. Déanann an tUachtarán ionadaíocht ar son mhuintir na hÉireann sa bhaile agus thar lear agus síníonn sé nó sí dlíthe nua.
Áras an Uachtaráin
Bíonn cónaí ar an Uachtarán i dteach deas oifigiúil suite i bPáirc an Fhionnuisce. Tugtar Áras an Uachtaráin ar an teach seo agus buaileann an tUachtarán le ceannairí ó thíortha eile agus le daoine tábhachtacha sa teach seo.

Beidh an vótáil ag dul ar aghaidh ó 7.00 ar maidin go dtí 10.00 san oíche. Tá beirt iarrthóirí sa rás i mbliana:
Heather Humphreys
Heather Humphreys – Iarrthóir ón pháirtí Fine Gael as Contae Mhuineacháin, a bhí ina hAire Rialtais roimhe seo
Catherine Connolly – Teachta Dála ó Ghaillimh a bhfuil suim aici i gcearta na ndaoine agus sa Ghaeilge
Catherine Connolly
Bhí Jim Gavin ó Fhianna Fáil sa rás chomh maith ach d’éirigh sé as i ndiaidh scannail. Den chéad uair riamh, mar sin, níl sa rás an iarraidh seo ach mná.
Is poblacht í Éire. Níl rí ná banríon aici – is iad an pobal a roghnaíonn na ceannairí i bpróiseas darb ainm ‘daonlathas’. Is rud tábhachtach é an daonlathas nó tugann sé seans do dhaoine a mbarúil a chur in iúl.
Is jab mór é na vótaí a chuntas
Baileoidh na hoifigigh na vótaí uilig oíche amárach agus déanfar iad a chuntas maidin Dé Sathairn. Seans maith go mbeidh a fhios againn cé hí an tUachtarán nua roimh oíche Shathairn!

Ceisteanna ar an téacs:
Cén lá a bheidh an toghchán ar siúl?
Cén aois a chaithfidh tú a bheith le vóta a chaitheamh?
Cé hé an tUachtarán reatha?
Cá fhad a mhaireann téarma amháin don Uachtarán?
Cén t-ainm atá ar an áit a gcónaíonn an tUachtarán?
Ainmnigh an bheirt iarrthóirí sa rás.
Le déanamh:
Foghlaim tuilleadh faoin daonlathas anseo.
Pictiúir:
Póstaeir Connolly agus Humphreys: Brendain Donnelly / Shutterstock.com
Áras an Uachtaráin: Derick P. Hudson / Shutterstock.com
Micheál D. Ó hUiginn: D. Ribeiro / Shutterstock.com
Heather Humphreys: abd / Shutterstock.com
Comhaireamh vótaí: Simon Roughneen / Shutterstock.com