Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Tá deireadh an fhómhair linn, agus tá draíocht san aer… Nach cinnte, mar tá Oíche Shamhna ag teacht gan mhoill!

B’fhéidir go bhfaca tú puimcín geal ag gáire ort ó leac an dorais. Nó, an bhfuil maisiúcháin Oíche Shamhna in airde agat i do theach féin?
(puimcín ar leac an dorais)
Is seachtain iontach speisialta í seo fosta, mar tá Seachtain na Leabhar Éireannach ar siúl! Anois agus na hoícheanta ag éirí níos faide agus níos dorcha, an bhfuil rud ar bith níos fearr le déanamh ná scéal maith a léamh?

Le sult a bhaint as draíocht an tséasúir seo, níl le déanamh agat ach leabhar maith a phiocadh agus tú féin a dhéanamh compordach sa teach. Cá bhfuil an áit is fearr leatsa le scéal maith a léamh? Ar an tolg? Ar do leaba? Nó, thíos faoi phluid i do phluais bheag féin?

B'fhéidir go mbeadh cúpla milseán nó smailc Oíche Shamhna leat, agus tú ag oscailt leabhair atá lán le taibhsí, cailleacha, ollphéisteanna nó neacha eile. An bhfuil na créatúir seo draíochtúil, scanrúil, nó greannmhar? Braitheann sé ar an scéal, ar ndóigh!

Cén sórt leabhair is fearr leatsa? An bhfuil tú cróga go leor le scéal scanrúil faoi vaimpír a léamh, mar shampla? Nó, an fearr leat bheith ag gáire faoi sciathán leathair dalba ag bualadh bob ar a chairde?

Tabhair cuairt ar leabharlann agus cuardaigh scéal a chuirfidh do shamhlaíocht ag eitilt, cosúil le cailleach ar a scuab! Tá draíocht ag fanacht leat taobh istigh de leabhar maith!

Ceisteanna
Le déanamh
🦇 Foclóir Oíche Shamhna: Pioc amach na focail ón téacs atá nua nó deacair duit. Scríobh síos i do leabhar iad agus tarraing pictiúir a chuidíonn leat iad a thuigbheáil agus cuimhne a dhéanamh orthu.
🐈⬛ Plé Ranga agus Mata: Cad é an áit is fearr le bheith ag léamh? An féidir libh suirbhé ranga a dhéanamh agus na torthaí a chlárú mar phicteagram/ ghraf?
🕮 Tuairisc ar leabhar: An bhfuil leabhar maith faoi Oíche Shamhna léite agat? Inis do do chairde faoi. (Cad é teideal an leabhair? Tabhair achoimre ar an scéal, ach ná hinis na píosaí is fearr dóibh! Cad é an scór as deich a thabharfá don leabhar sin? Cad chuige ar maith leat é?
🕯️An Fhíric is fearr leat: Léigh siar tríd an alt arís. Pioc amach an abairt nó an píosa is fearr leat agus déan réidh lena roinnt leis an rang. Léigh os ard é ag úsáid gutha a bhaineann le hOíche Shamhna (mar shampla, go scanrúil, go rúnda, mar a bheadh cailleach ionat, nó cat draíochta a labhraíonn, srl.)
🧙Scéal ranga ó bhéal: Cá rachaidh an chailleach ar a scuab? Cum scéal ó bhéal ag dul thart ar an rang. Caithfidh gach dalta abairt nua a chur leis an scéal. Cá gcríochnóidh an chailleach agus cad é a tharlóidh di - is fúibhse atá sé.
🎥 Amharc ar fhíseán gairid: Seo moladh do leabhar greannmhar ón údar, Máire Zepf, mar chuid de Sheachtain na Leabhar Éireannach