Smailceacha Scanrúla

Dé Luain, an 20ú Deireadh Fómhair 2025


Bíonn bia lárnach ina lán dár gcuid féilte agus níl Oíche Shamhna difriúil. Go deimhin, bíonn go leor bianna deasa againn don fhéile seo, cuid acu iontach traidisiúnta … agus cuid acu níos úire.

Baineann Oíche Shamhna leis an fhómhar, ar ndóigh, agus is ag an am sin a bhíonn rudaí mar chnónna, úlla agus puimcíní ar fáil. Is féidir na rudaí seo a ithe leo féin agus, i gcás na n-úll, tá cluiche ann chomh maith! Cuir uisce isteach i mias nó báisín ach ná líon go hiomlán é – fág roinnt ceintiméadar ag an bharr. Cuir úlla isteach ann agus beidh siad ar snámh ag barr an uisce. Ansin, ar bhur seal, caithfidh gach duine iarracht a dhéanamh greim a bhaint as úll. Furasta go leor, a shíleann tú? Níl cead agat na lámha a úsáid, áfach! (Coinnigh tuáille in aice láimhe – beidh sé de dhíth).

Tháinig na puimcíní ó Mheiriceá an chéad lá ach bíonn siad lárnach i gceiliúradh Oíche Shamhna in Éirinn anois. Thig leat pióg phuimcín a fháil nó arán puimcín, nó fiú anraith puimcín. Má tá an-dúil agat sna puimcíní, thiocfadh leat síolta rósta a thriail chomh maith.

Anraith puimcín

Bia atá níos traidisiúnta in Éirinn ná bairín breac. Seo arán milis a bhíonn lán torthaí. Thart ar Oíche Shamhna, is minic a bhíonn fáinne nó fiú bonn istigh ann. Má fhaigheann tú an fáinne is tusa an chéad duine a phósfaidh nó má fhaigheann tú an bonn, beidh ádh mór agat sa bhliain amach romhainn.

Bairín breac

Is féidir úlla a úsáid le bia iontach blasta ach simplí a dhéanamh d’Oíche Shamhna – úlla taifí. Cuir cipín adhmaid (cipín líreacáin, mar shampla) isteach i gcroí úill. Ansin, déan taifí nó leáigh taifí atá agat cheana i sáspan ach déan cinnte de go gcuidíonn duine fásta leat. Faigh greim ar an chipín agus tum an t-úll isteach sa taifí leáite. Bí cúramach leis an taifí nó beidh sé te. Fág an t-úll bunoscionn ar phláta. Is féidir giota beag ime a smearadh ar an phláta sa dóigh nach ngreamaíonn an taifí de.


Fíor na bréagach?

1. Tá cead agat na lámha a úsáid sa chluiche úll.

2. Tháinig puimcíní ó Éirinn.

3. Bíonn fáinne sa bhairín breac, in amanna.

4. Is féidir síolta puimcíní a róstadh.

5. Bíonn an taifí fuar nuair a dhéanann tú úlla taifí.


Le déanamh:

An bhfuil a fhios agat bianna eile atá ceangailte le hOíche Shamhna. Déan liosta in éineacht le do chara in aice leat.


Le plé:

Cé acu is fearr, dar leat, bia traidisiúnta na hÉireann d’Oíche Shamhna nó bia nua-aimseartha (cosúil le milseáin)? Tabhair fáthanna. Is féidir vóta a dhéanamh sa rang.


meas