Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?

Is é an chiall atá leis an seanfhocal seo ná ní thugann tú faoi deara nó ní thuigeann tú cé chomh tábhachtach is a bhí rud, go dtí nach mbíonn sé agat níos mó. Ciallaíonn an briathar triomaigh rud a dhéanamh tirim.
Smaoinigh ar an uisce i do theach féin – bíonn sé ann i gcónaí nuair a bhíonn sé de dhíth – lena ól, le do chuid fiacla a scuabadh, le tú féin nó do chuid éadaí nó na soithí a ní, leis an leithreas a shruthlú! Ach, bímid i bponc ceart nuair a ghearrtar an soláthar uisce isteach sa teach.
Cad é a dhéanfadh muid mura mbeadh muid in ann an leithreas a shruthlú?
Bíonn an scéal níos measa leis an leictreachas. Smaoinigh ar a oiread rudaí sa teach a úsáideann leictreachas – na soilse, an teilifíseán, an consól cluichíochta, an sorn nó an micreathonnán, na luchtairí gutháin uilig – tá liosta fada ann. Cuid mhaith den am, ní bhíonn meas againn ar an leictreachas nó fágaimid soilse ar lasadh nuair nach mbímid sa seomra. Is cur amú leictreachais é seo – ach go minic, ní bhíonn meas againn ar an leictreachas go dtí go mbíonn cliseadh cumhachta ann!
Bíonn cuid mhór rudaí sa teach ag brath ar leictreachas
Is féidir an seanfhocal seo a úsáid le tagairt a dhéanamh do rud ar bith (nó duine, go fiú) inár saol a ndéanaimid talamh slán de ach a imíonn go tobann. An wi-fi sa teach mar shampla. Glacaimid leis go mbíonn sé ann i gcónaí ach ní thuigimid an méid a bhímid ag brath air go dtí go n-imíonn sé!
Cad é a dhéanann tusa nuair nach mbíonn wi-fi agat?
Sa seanam in Éirinn, ní raibh córas ceart uisce ann. Ní raibh uisce reatha sna tithe agus bhíodh daoine ag brath go mór ar na toibreacha agus ar shrutháin bheaga le huisce glan a fháil. In amanna, bhí ar na páistí siúl go dtí an tobar gach maidin le buicéad uisce a fháil.
Sa seanam in Éirinn, bhíodh orainn uisce a fháil ó thobar nó ó shruthán
Tá cuid mhór ‘toibreacha beannaithe’ nó naofa fud fad na hÉireann. Is foinsí nádúrtha uisce iad seo, áiteanna inar tháinig uisce iontach glan amach as an talamh. Seo uisce a bhí ag sruthlú nó ag sileadh faoin talamh. Glanann na carraigeacha agus na clocha beaga faoin talamh an salachar uilig amach as an uisce agus tugaimid ‘fíoruisce’ ar an uisce glan a thagann amach.
Tobar beannaithe i gContae Chorcaí – tagann an t-uisce seo amach as an talamh, thóg na daoine balla beag thart air
Is rud nádúrtha é seo, ach sa seanam, shíl daoine go raibh draíocht ag baint leis na fuaráin seo. Chosain siad iad agus in amanna, chuir siad clocha thart orthu. Cheangail siad na toibreacha seo le naoimh faoi leith – tá na céadta ‘Tobar Phádraig’ nó ‘Tobar Bhríde’ fud fad na tíre.
Roimh an Chríostaíocht, shíl daoine gur tháinig an t-uisce glan seo amach ‘as an saol eile’ – domhan na sióg – agus go dtiocfadh leis na sióga teacht chuig an domhan s’againne tríd na toibreacha fosta!
Chreid na sean-Ghaeil agus na Ceiltigh go raibh baint ag roinnt toibreacha leis an saol eile
Le plé nó le déanamh
Mar rang, an dtig libh smaoineamh ar chásanna eile ina ndéarfadh muid ‘Ní bhíonn meas ar an uisce go dtriomaítear an tobar’.
An bhfuil an focal ‘tobar’ mar chuid de logainmneacha ar bith sa cheantar s’agatsa? Déan cuardach ar an suíomh ‘logainm.ie’ leis an logainm ‘tobar’ is cóngaraí duitse a aimsiú.
