Lá na nGnáthóg 2025

Dé Luain, an 6ú Deireadh Fómhair 2025


Cad é an rud é ‘gnáthóg’. Go bunúsach is é atá i ngnáthóg ná an áit a gcónaíonn ainmhithe agus plandaí. Agus tú féin san áireamh, ar ndóigh, nó comhroinnimid an pláinéad seo leis na rudaí beo eile! Mar shampla, is gnáthóg í an choill do na héin, na fianna, agus fiú na fungais! Tá gnáthóga éagsúla ann ar fud an domhain – mar shampla, portaigh, tránna, aibhneacha, sléibhte, agus fiú do ghairdín féin!

Is gnáthóg speisialta é an portach

Agus tá lá speisialta ann le gnáthóga an Domhain a chosaint agus a cheiliúradh, an lá inniu, an 6ú Deireadh Fómhair. Tá Lá na nGnáthóg ar cheann de na laethanta is tábhachtaí sa bhliain nuair a smaoinímid ar ár dtimpeallacht agus ar na hainmhithe agus na plandaí atá ina gcónaí ann.

In amanna, scriosann an fheirmeoireacht gnáthóga

Ach ní cara ró-mhaith muidne do na rudaí eile atá beo ar domhan. I ndáiríre, tógaimid tithe ar thalamh a bhí ag ainmhithe roimh ré, scriosaimid gnáthóga leis an fheirmeoireacht agus cuirimid ceimiceáin nimhiúla isteach san atmaisféar a dhéanann dochar do na hainmhithe agus do na plandaí (agus dúinn féin chomh maith!). Má scriostar na gnáthóga, caillfidh na hainmhithe a n-áit chónaithe.

Oighear ag leá ag an oighearchaidhp

Mar sin de, tá sé tábhachtach go bhfoghlaimeoidh muid faoi na rudaí atá ag tarlú thart orainn do na gnáthóga. Fiú má tharlaíonn rud in áit amháin, bíonn éifeachtaí le feiceáil ar fud an domhain. Mar shampla, tá na hoighearchaidhpeanna ag an Phol Thuaidh agus ag an Phol Theas ag leá mar gheall ar an téamh domhanda. Téann an t-uisce sin isteach san fharraige agus ardaíonn an leibhéal uisce. Is drochscéal é seo do na hainmhithe agus na plandaí atá ina gcónaí cois farraige nó tá cuid den talamh sin anois faoi uisce.

Tá a lán áiteanna i mbaol mar gheall ar ardú leibhéal na farraige


Ach is féidir linn rud éigin a dhéanamh san áit a bhfuilimid anois! Seo samplaí de rudaí is féidir linn a dhéanamh:

Cuir bláthanna sa ghairdín: is breá le féileacáin agus beacha iad.

Fág spás beag fiáin: lig don fhéar fás nó fág píosa adhmaid amuigh do na mionbheithígh.

Ná caith bruscar: coinnigh do ghnáthóg féin glan.

Foghlaim faoi ainmhithe agus plandaí: má thuigeann tú rud, beidh sé níos fusa cuidiú leis.

Bláthanna fiáine i ngairdín


Ceisteanna

1. Cad is gnáthóg ann?

2. Tabhair sampla de ghnáthóg amháin atá luaite sa téacs.

3. Cén fáth a bhfuil Lá na nGnáthóg tábhachtach?

4. Luaigh bealach amháin a ndéanann daoine dochar do ghnáthóga.

5. Cad é mar a chuireann an téamh domhanda isteach ar leibhéal na farraige?

6. Luaigh bealach amháin ar féidir le páistí cuidiú le gnáthóga a chosaint.


Le déanamh:

Cuir isteach an focal ‘gnáthóg’ (nó ‘ghnáthóg’) san inneall cuardaigh. Roghnaigh gnáthóg amháin. Déan cur síos uirthi agus luaigh an cineál ainmhithe a bhíonn ina gcónaí ann.

Foghlaim tuilleadh faoin téamh domhanda anseo.




meas