Cá háit a bhfuil tú ag iarraidh dul?
Inniu Lá Domhanda na dTurtar. Lá atá ann le haird a dhíriú ar na turtair agus ar na bagairtí atá ann dóibh anois.

Agus cad iad na bagairtí sin? Bhuel, tá meath ar líon na dturtar ar fud an domhain mar gheall ar rudaí cosúil le hathrú aeráide agus truailliú. Ar an drochuair, is muidne, na daoine, is mó is cúis le meath na dturtar. Cruthaíonn muidne an plaisteach. Is é sin an chúis leis an truailliú atá ag scriosadh ghnáthóga na dturtar.
(turtar)
An raibh a fhios agat go bhfuil na toirtísí i dteaghlach na dturtar fosta? Agus an bhfuil tú ábalta na difríochtaí idir turtair agus toirtísí a liostú? Bhuel, tá 6 dhifríocht eatarthu. Déan iarracht smaoineamh orthu anois. Ansin scrollaigh síos le seiceáil a dhéanamh ar do chuid freagraí.
(toirtís)
(Caitheann an turtar formhór a shaoil san uisce.)
(Is luibhiteoirí iad na toirtísí - itheann siad plandaí amháin)
(seanbhlaosc a bhí ag turtar sular chuir sé uaidh é)
(Bíonn blaosc sruthlíneach ag turtar)
(Bíonn blaosc cruinn ag toirtís)
(Sna hOileáin Galapagos maireann na hOlltoirtísí go dtí go mbíonn siad níos mó ná 100 bliain d'aois!)
(Turtar i loch i Tbilisí, sa tSeoirsia) Ceisteanna le freagairt
Le plé nó le déanamh
🐢 Cad chuige a maireann na toirtísí níos faide ná na turtair i do bharúil?
🐢 An dtig leat / le do rang smaoineamh ar ainmhithe eile agus iad a rangú i dtrí liosta - luibhiteoirí, feoiliteoirí agus uiliteoirí.
🐢 An féidir leat / le do rang smaoineamh ar ainmhithe eile a bhfuil corp “sruthlíneach” orthu? Cén dóigh a gcuidíonn cruth a gcoirp leo bogadh níos gasta?
🐢 Cad chuige nach mbíonn turtair le fáil in Antartaice, do bharúil?
🐢 Ar cheart turtar nó toirtís a choinneáil mar pheata, meas tú? Cad iad na hargóintí ar son agus in éadan peata a dhéanamh de thurtar nó de thoirtís?