Seachtain na nGráinneog 2024

An 3ú Bealtaine, 2024


Is ainmhí iontach saoithiúil í an ghráinneog. Bíonn cuma ghleoite uirthi ach bíonn coilg uirthi chomh maith. Nuair a fheiceann sí dainséar ar bith, déanann sí meall di féin agus bíonn na coilg, nó na spící, in airde. Bíonn sé doiligh ar ainmhithe eile í a ithe agus í mar sin.

Thig le gráinneog meall a dhéanamh di féin.

Blianta ó shin, bhíodh gráinneog i ngach gairdín, chóir a bheith, ach le blianta beaga anuas, tá líon na ngráinneog ag titim. Is maith leis an ghráinneog dul ó ghairdín go gairdín, ach má bhíonn fál nó balla idir na gairdíní, ní bhíonn an ghráinneog ábalta sin a dhéanamh. Agus tá an scéal níos measa faoin tuath. Is maith leis an ghráinneog cónaí i gclaí ach is maith le feirmeoirí páirceanna móra agus scriosann siad go leor de na claíocha. 

Bíonn claíocha ag imeall na páirce

Ach thig le daoine sa bhaile cuidiú leis an ghráinneog agus sin an fáth a bhfuil Seachtain na nGráinneog ann, an tseachtain seo. Is tréimhse oiriúnach é seo, nó seo an t-am a dtagann na gráinneoga óga ar an saol. Deir na heolaithe go mbeidh seans níos fearr ag gráinneoga atá ina gcónaí sna bailte mar thig leo go leor bia a fháil i gcuid mhaith de na gairdíní.

Cén dóigh a dtiocfadh linn cuidiú leis an ghráinneog, mar sin? An chéad rud ná faigh amach an bhfuil gráinneog agat sa ghairdín. Bíonn gráinneoga iontach faiteach agus ní thagann siad amach sa lá, de ghnáth. Beidh ort fanacht go dtí an oíche agus bheith foighdeach lena bhfeiceáil.

Má tá gráinneog sa ghairdín agat, is féidir leat bia cait nó bia madaidh atá fliuch (ní an bia tirim) a fhágáil amuigh dóibh sa dóigh go mbeidh go leor bia acu. Thiocfadh leat teach gráinneog a thógáil agus an bia a fhágáil istigh ann. Rud mór is féidir a dhéanamh ná an gairdín a réiteach le bheith oiriúnach don ghráinneog. Fág coirnéal beag fiáin sa ghairdín – lig don fhéar agus plandaí eile fás. Chomh maith leis sin, déan poll beag sa sconsa dóibh sa dóigh go dtig leis an ghráinneog dul ó ghairdín go gairdín.


Le déanamh:

Dear póstaer le cuidiú leis an ghráinneog. Úsáid cuid de na rudaí atá luaite san alt seo.


Déan liosta de na hainmhithe eile a thugann cuairt ar do ghairdín. Cuir an liosta s’agat i gcomparáid le liosta do chara.




baruil