An Pharanormáltacht

An 3ú Bealtaine, 2024


An gcreideann tú i dtaibhsí? Ar chuala tú bean sí riamh? Nó an bhfaca tú púca, rud atá ábalta a chruth a athrú, fiú le cuma dhaonna a chur air! Tugtar ‘an pharanormáltacht’ ar a leithéid agus ar rudaí mistéireacha eile nach dtig linn a mhíniú ar fud an domhain. Agus is é an lá inniu, an 3ú Bealtaine, ‘Lá na Paranormáltachta’!

Thiocfadh leis an phúca a chruth a athrú

Tugtar ‘An Saol Eile’ ar an pharanormáltacht agus tá an traidisiún sin iontach láidir i stair na hÉireann. Ba iad na hÉireannaigh, ar ndóigh, a thug Oíche Shamhna go dtí Meiriceá agus baineann cuid mhaith de na traidisiúin sin leis an tír seo.

Chreid na Ceiltigh go raibh dhá shaol ann, na beo, agus na mairbh. Corruair sa bhliain, ag Oíche Shamhna, mar shampla, chreid siad go raibh doras ón saol eile ar oscailt. Bhí na neacha neamhbheo ón saol eile ábalta teacht isteach inár saol féin, saol na mbeo.

Ach ní gá fanacht go dtí Oíche Shamhna le bualadh leis an saol eile! Tá daoine a deir go gcluineann siad ‘bean sí’ nuair atá duine sa teaghlach le bás a fháil. (Tagann an focal ‘banshee’ sa Bhéarla ón Ghaeilge, ar ndóigh!) Deirtear go bhfuil scread ghéar na mná sí cosúil le huaill cait.

Bean sí

Bhí na sióga ann, nó ‘na daoine maithe’, mar a thug daoine orthu. Tugadh ‘na daoine beaga’ orthu, in amanna, ach ní gá iad a bheith beag. Is maith leo cleasa a imirt orainn ach thiocfadh leo drochrudaí a dhéanamh orainn má chuirimid isteach orthu. Creid é nó ná creid, go dtí an lá inniu, is minic a théann bóthar in Éirinn thart ar lios sa dóigh nach gcuireann sé isteach air. Shíl daoine go raibh na sióga ina gcónaí sa lios agus go mbeadh mí-ádh orthu dá scriosfadh siad é.

Is iomaí lios nó ráth atá ar fáil in Éirinn

Tá teach taibhsí, nó ‘teach siúil’, i mbeagnach gach ceantar in Éirinn. De ghnáth, is seanteach é nach raibh duine ar bith ina gcónaí ann le blianta fada. Deir daoine go bhfeiceann siad taibhsí ann nó go gcluineann siad fuaimeanna aisteacha agus iad ag siúl thairis.

Teach siúil nó teach taibhsí


Le plé:

Deir daoine nach bhfuil sna taibhsí agus an saol eile ach samhlaíocht, rud atá ag tarlú inar n-intinn féin. Deir daoine eile go raibh na scéalta faoi thaibhsí cosúil le caitheamh aimsire ag am nach raibh an teilifís ann. Cé acu atá fíor, dar leat?


Abair go bhfuil tú ag tógáil bóthar nua. Leath bealaigh tríd, tagann tú ar lios na sióg. Deir daoine leat nár chóir an lios a scriosadh. Ach má sheachnaíonn tú an lios beidh an bóthar níos daoire. Cad é ba chóir duit a dhéanamh? Cad iad na hargóintí ar son scrios a dhéanamh ar an lios agus ina éadan?


Le déanamh:

Ar chuala tú scéal taibhsí riamh. Ar scanraigh sé thú? Cuir ceist ar dhuine níos sine i do theaghlach ar chuala siadsan scéal taibhsí nó an bhfuil a fhios acu áit ar bith a bhfuil taibhsí ann.


Dear póstaer do Lá na Paranormáltachta. Déan cinnte de go gcuireann tú isteach cuid de na rudaí atá luaite sa scéal seo.


Pictiúir:

Ghostbusters: Husein Rozak / Shutterstock.com


baruil