Féile na Bealtaine

An 29ú Aibreán, 2024


Amharc amach ar an fhuinneog – cad é mar atá an aimsir? An bhfuil aimsir shamhraidh ann? An raibh a fhios agat go bhfuil an samhradh le tosú amárach? Bhuel, i bhféilire na gCeilteach – tá!

Beidh Oíche Bhealtaine ann anocht, féile mhór Cheilteach

Inniu an lá deireanach den Earrach. Anocht, Oíche Bhealtaine agus beidh an chéad lá den samhradh ann amárach. Is féile thar a bheith tábhachtach a bhí sa Bhealtaine do na Ceiltigh, riamh anall. Tá féile na Bealtaine á ceiliúradh fud fad na hEorpa leis na mílte bliain.

Déanann go leor tíortha ceiliúradh ar an fhéile seo go fóill – seo thuas damhsóirí Bealtaine i Sasana

Lás daoine tinte agus rinne siad féasta. Rinne siad ceiliúradh agus ceol. Rinne na Ceiltigh ceiliúradh mar go raibh fuacht agus dorchadas an gheimhridh curtha ina ndiaidh acu agus bhí teas an tsamhraidh agus fómhar lán torthaí rompu.

Tá 4 fhéile mhóra ag na Ceiltigh - Imbolc (1 Feabhra), Bealtaine, Lúnasa agus … an bhfuil a fhios agat an ceann eile?

Go fóill féin sa lá atá inniu ann, tá tábhacht leis an Bhealtaine. Ní comhtharlú ar bith é go mbíonn lá saor ann ag tús na Bealtaine. Cionn is go raibh ceiliúradh i gcónaí ann ar Lá na Bealtaine agus cionn is go raibh na daoine cleachta leis, roghnaíodh an lá seo mar Lá na nOibrithe, le lá saor a thabhairt do na hoibrithe (bíonn an lá seo ann anois ar an chéad Luan den Bhealtaine).

Aithnítear Lá na Bealtaine mar lá na n-oibrithe, ar fud an domhain

Mar sin de, nuair a bheas tú saor ón scoil Dé Luain, smaoinigh ar na Ceiltigh agus ar an fháth a bhfuil lá saor ann. Bí buíoch go bhfuil an samhradh linn, ná bí i do shuí istigh os comhair an xbox nó an ipad an lá ar fad! Gabh amach agus bain sult as an aer úr!


Gníomhaíocht:

Seo thíos dhá fhrása sa Ghaeilge ina bhfuil ‘Bealtaine’ – léigh iad agus pléigh iad leis an mhúinteoir mura dtuigeann tú iad. An dtig leat abairtí a scríobh leo?

 

Idir dhá thine Bhealtaine – nuair atá cinneadh deacair le déanamh agat agus níl a fhios agat an rud is fearr le déanamh

 

Scéal ó Shamhain go Bealtaine – scéal iontach go deo fada, le cuid mhór rudaí ag tarlú ann.


Pictiúir:

Damhsóirí i Sasana: Oscar Johns / Shutterstock.com

Oibrithe ar léirsiú: BahbahAconk / Shutterstock.com


baruil