An Chumhacht Núicléach

An 26ú Aibreán, 2024
Cad is stáisiún núicléach ann?


Níl stáisiún núicléach ar bith in Éirinn, ach seans gur chuala tú iomrá orthu roimhe ar an teilifís? Má bhíonn tú ag amharc ar na Simpsons, beidh a fhios agat go bhfuil jab ag Homer Simpson sa stáisiún núicléach in Springfield. Áit oibre chontúirteach atá i stáisiún núicléach. Ar an drochualr, ní thuigeann Homer sin agus ní bhíonn sé i gcónaí róchúramach!

(Cumhacht núicléach agus na Simpsons - pic le Ricardo Castro Santos trí Flickr, CC 2.0)


Ach cad é a dhéanann stáisiún núicléach? Cruthaíonn sé leictreachas tríd uisce a théamh le gal a dhéanamh. Brúnn an ghal tuirbíní agus déanann na tuirbíní an leictreachas. Deir cuid daoine gur “fuinneamh glan” atá sa chumhacht núicléach, mar ní chuireann sé toit ná gás ar bith contúirteach isteach san atmaisféar.

ACH, leis an teas a chruthú, cruthaíonn an stáisiún imoibriú núicléach. An chiall atá leis sin, ná go mbriseann siad adaimh anuas. De ghnáth, bristear adaimh úráiniam anuas - rud a ghineann cuid mhór cumhacht teasa. Úsáidtear úráiniam de ghnáth mar go bhfuil sé measartha furasta na hadaimh seo a bhriseadh anuas. Faigheann tú a lán fuinnimh as úráiniam, i gcomparáid le hadaimh eile. (Ba í Marie Curie a d’fhiosraigh an chumhacht is féidir a fháil amach as úráiniam i dtús báire). Tá gach rud ar an domhan déanta d’adaimh. Is píosaí beaga bídeacha iad. Ní féidir leat iad a fheiceáil le micreascóip fiú. Nuair a scoiltear iad, cruthaíonn siad a LÁN fuinneamh teasa.




An fhadhb le Cumhacht Núicléach

Deirtear go bhfuil an chumhacht núicléach ‘glan’, ós rud é nach mbíonn siad ag dó breosla ar bith sna stáisiúin núicléacha. Mar sin de, ní chuireann siad toit ná gás ar bith contúirteach isteach san atmaisféar.

(Gal ag teacht amach as stáisiún núicléach)

ACH, tá fadhb eile leis an chumhacht núicléach - nuair a bhristear na hadaimh leis an chumhacht núicléach a chruthú, bíonn dramhaíl fágtha ón phróiseas. Ar an drochuair, tá an dramhaíl seo contúirteach mar tá sé radaighníomhach. Ní féidir an dramhaíl seo a dhó, ná a chur sa bhruscar.

(Bíonn an dramhaíl núicléach an-chontúirteach.)

Bíonn rud beag ábhar radaighníomhach thart orainn inár saol laethúil - mar shampla, solas ón ghrian, nó, an fuinneamh a théann bia san oigheann micreathonnach. Ach, is féidir lena LÁN ábhar radaighníomhach damáiste mór a dhéanamh dár gcorp agus don timpeallacht. (Agus sin an rud a tharla mar gheall ar an timpiste in Chernobyl. Scriosadh an timpeallacht agus d’éirigh na mílte duine iontach tinn. Fuair na daoine sin bás de réir a chéile ón ailse, mar gheall ar an ard-leibhéal radaíochta sa cheantar sin.)

(Thréig na daoine ceantar Chernobyl mar go bhfuil sé róchontúirteach don tsláinte fanacht ann.)


Cad é a dhéantar leis an dramhaíl núicléach?

De ghnáth, déantar an dramhaíl núicléach a stóráil faoin fharraige go ceann 5 bliana. Ina dhiaidh sin, cuirtear é go domhain sa talamh in áiteanna áirithe ar fud na cruinne. Cuirtear an dramhaíl i mbairillí miotail taobh istigh de thuamaí coincréite. Déantar seo sa dóigh is nach sceithfidh cuid ar bith den dramhaíl radaighníomhach isteach san fharraige nó sa talamh.


Ar an drochuair, fanfaidh an dramhaíl sin radaighníomhach go gceann tamall iontach fada. Ní hamháin go bhfuil sí contúirteach do dhaoine agus don timpeallacht anois, ach beidh sí contúirteach go gceann na mílte bliain!


Coinníonn an rialtas taifead de na háiteanna ina mbíonn an dramhaíl stóráilte. Níor mhaith leo go gcuirfeadh duine ar bith isteach ar na bairillí sin, d’aon turas, nó de thaisme. Dá dtarlódh sin, bheadh tubaiste eile, amhail Chernobyl againn. Rud a d’fhágfadh na mílte duine marbh agus ceantar a bheadh róchontúirteach le bheith beo ann.

(Páirc siamsaíochta atá tréigthe in aice le Chernobyl. Tá sé róchontúirteach bheith ag súgradh anseo. Tá an leibhéal radaíochta ró-ard.)

Mar fhocal scoir, is fíor go gcruthaíonn cumhacht núicléach a LÁN fuinnimh. Sa lá atá inniu ann, bíonn cuid mhór fuinnimh in úsáid againn lenár dtithe a théamh, le soilse a lasadh, le ríomhairí a chur ag obair, srl. ACH ní cumhacht ‘shlán’ í an chumhacht núicléach. Ní chruthaíonn sí fadhbanna don atmaisféar, cosúil le gás nó toit, ach cruthaíonn sí a lán fadhbanna don chine dhaonna agus dár sláinte go ceann na mílte bliain!


baruil