Lá Idirnáisiúnta na Madaí Treorach

An 23ú Aibreán, 2024


Tá áit speisialta ag madaí i saol an duine. Bíonn siad againn mar pheataí agus cuidíonn siad linn ar a lán dóigheanna – mar mhadadh caorach, mar shampla, nó ag cuidiú leis na póilíní rudaí a chuardach. Agus tá dóigh amháin a gcuidíonn siad linn le ceiliúradh inniu – Lá Idirnáisiúnta na Madaí Treorach. Titeann an lá seo ar an Chéadaoin dheireanach de mhí Aibreáin gach bliain.

Cuidíonn madaí treorach le daoine atá dall nó a bhfuil radharc lag acu siúl ó áit go háit. Má bhíonn fadhb radhairc agat, beidh sé doiligh duit rudaí simplí cosúil le dul chuig na siopaí a dhéanamh. Tugann an madadh treoir do dhaoine nach bhfuil radharc maith acu agus iad amuigh ag siúl. Thar rud ar bith eile, tugann an madadh treorach deis dóibh bheith mar chuid den phobal agus bualadh le daoine eile. Gan an madadh treorach, ní bheadh an seans céanna ag na daoine seo bogadh amach as an teach, agus dá mbogfadh, seans go mbeadh sé níos contúirtí gan madadh treorach.

Glacann sé tamall fada le madadh treorach a thraenáil

Tá madaí cliste go leor ach glacann sé idir 18 mí agus 2 bhliain le madadh treorach a thraenáil. Bíonn go leor le foghlaim! Caithfidh an madadh treorach bheith ábalta siúl i measc daoine gan eagla a bheith air. Éiríonn siad cleachta le callán thart orthu agus ní chuireann tormán mór isteach orthu. Tuigeann siad gur gá fanacht ag na soilse tráchta agus bíonn a fhios acu nuair a bhíonn sé slán an bóthar a thrasnú. Chomh maith leis sin, bíonn ar na daoine a fhaigheann madadh treorach cúrsa a dhéanamh le bheith ag obair leis an mhadadh agus le cúram a thabhairt dó.

Ar an drochuair, cosnaíonn traenáil na madaí airgead mór agus caitheann na heagraíochtaí a chuireann madaí treorach ar fáil a lán ama ag bailiú airgid. Meastar go bhfuil 23,000 madadh treorach ar fud an domhain agus tá thart ar 500 acu in Éirinn.

Taobh amuigh den chuidiú a thugann madaí treorach, tá cúis eile againn na madaí treorach a cheiliúradh – is cairde maithe iad do na daoine a mbíonn siad acu.


Le déanamh:

An bhfaca tú duine le madadh treorach riamh? Cén dóigh ar chuidigh sé leis an duine sin? Cén dóigh a mbeadh an saol níos deacra ag an duine gan é?


Déan liosta de na dóigheanna a gcuidíonn madaí le daoine. Ansin, cuir do liosta i gcomparáid le do chara agus déan liosta mór amháin.


baruil