Táimid bréan den bhraon anuas! 🌧️😒

An 23ú Aibreán, 2024


Ar chuala tú riamh an seanfhocal seo - Ní hé lá na báistí lá na bpáistí? An dtuigeann tú an chiall atá leis? Nuair a bhíonn sé ag cur báistí, ní féidir leis na páistí dul amach ag súgradh.


Ar an drochuair, bhí ár sáith fearthainne againn in Éirinn cheana féin i mbliana! Agus ní hiad na páistí amháin atá thíos leis sin. Tá na daoine fásta ag tabhairt amach fá dtaobh de fosta! Tá feirmeoirí na tíre ag gearán faoin tsíor-dhrochaimsir. Mar gheall air sin, tá an talamh ró-fhliuch agus ní thig leo na barra a chur, ná na beithígh a ligean amach as na sciobóil go fóill.


Chuir an drochaimsir cosc ar chúrsaí spóirt chomh maith. Arís, mar gheall ar an talamh a bheith ró-fhliuch, bhí ar chumainn spóirt ar fud na tíre cluichí peil Ghaelach, sacair, iománaíochta agus camógaíochta a chur ar ceal, ó am go chéile, le míonna anuas. Cuireadh rásaíocht na gcapall ar ceal in áiteanna chomh maith, de bharr an ráschúrsa a bheith cosúil le portach, in amanna!


Shocraigh sagart i gContae Loch Garman go n-ofráladh sé Aifreann, le guí go dtiocfadh biseach ar an aimsir bhréan seo go fiú. B'fhéidir gur oibrigh na paidreacha, mar thosaigh an ghrian ag lonrú ag deireadh na seachtaine, sa deireadh thiar thall!


Agus ní hiad muintir na hÉireann amháin a bhí ag streachailt le barraíocht fearthainne faoi láthair. Chonaic muid ar an nuacht na tuilte móra a tharla in Dubai sa Mheán-Oirthear ar na mallaibh. Tá Dubai ina chathair mhór agus breis agus 3 mhilliún duine ina gcónaí ann. Tá sé suite ar an chósta, díreach in aice le gaineamhlach. Bíonn an aimsir iontach te agus tirim ansin, de ghnáth. Mar sin de, baineadh siar ar fad as muintir na háite nuair a thit luach bliana fearthainne in aon lá amháin!

(Tuilte in Dubai - 17.04.24. Pic le MDXB/Shutterstock.com)


Le plé nó le déanamh

🌧️Cad é mar a mhothaíonn tú féin faoin aimsir? Creideann a lán daoine go mbíonn tionchar mór ag an aimsir ar an spion a bhíonn orainn? An aontaíonn tú leis an bharúil sin? Mínigh do fhreagra.


🌧️Tá an drochaimsir ag cur isteach ar na feirmeoirí. An dtig leat smaoineamh ar phost ar bith eile a bheadh thíos leis an drochaimsir? Mínigh cén dóigh a mbeadh an fhearthainn ag cur isteach ar an obair sin.


🌧️An bhfuil tú ábalta cur síos a dhéanamh ar chineálacha difriúla aimsire? Cuideoidh an t-alt seo leat.


🌧️Deir a lán daoine go mbaineann na hathruithe aimsire seo leis an athrú aeráide. Bain úsáid as an bharra cuardaigh ar Nuacht Anois le cuardach a dhéanamh ar athrú aeráide. Inis 3 phointe eolais nua a fhaigheann tú amach do chara, nó do do rang. 


🌧️ An féidir leat Loch Garman a aimsiú ar léarscáil na tíre?


🌧️ Aimsigh Dubaí ar léarscáil an Domhain. 


baruil