Is oileán í an Téaváin atá suite amach ó chósta na Síne
Is aimseadóir buí é Roger agus is madadh tarrthála é. Cónaíonn sé ar oileán amach ó chósta na Síne darb ainm an Téaváin. Úsáideann Rannóg Dhóiteáin Kaohsiung é le cuidiú leo daoine a aimsiú agus a tharrtháil nuair a bhíonn timpistí nó tubaistí nádúrtha ann.
Aimseadóir buí
Ag tús na míosa seo, chuidigh Roger leis na hoibrithe tarrthála nuair a bhuail crith talún mór an t-oileán ar an 3ú Aibreán. Bhain an crith talún seo 7.4 amach ar scála Richter agus mharaigh sé 13 dhuine. Chuidigh Roger leis na hoibrithe corp duine amháin a aimsiú sa smionagar i ndiaidh an chreatha talún. Bhí na hoibrithe tarrthála thar a bheith sásta leis an obair a rinne sé.
Roger i mbun oibre
Ní raibh Roger i gcónaí ina mhadadh tarrthála. Nuair a bhí sé ina choileán beag, ba mhadadh péas a bhí ann. Bhí na péas sa Téaváin ag iarraidh é a thraenáil le cuidiú leo drugaí a aimsiú. Dúirt na péas, áfach, nach raibh sé fóirsteanach don ról mar mhadadh drugaí. Bhí sé ró-thógtha agus ró-chairdiúil. In amanna, bheadh sé ag iarraidh a rud féin a dhéanamh le teacht ar na drugaí, in áit bheith ag éisteacht lena láimhseálaí.
Ní raibh na tréithe cearta ag Roger le bheith ina mhadadh drugaí
Madadh drugaí – ar an drochuair, ní raibh Roger stuama go leor le bheith ina mhadadh drugaí
Ar an dea-uair, bhí na tréithe sin de dhíth air le bheith ina mhadadh tarrthála. Tá Roger lán fuinnimh agus bíonn sé i gcónaí ag iarraidh cuidiú. Bhí go leor madaí eile ag an Rannóg Dhóiteáin ach sheas ról Roger, agus an dea-obair a rinne sé, amach do mhuintir na Téaváine, go háirithe cionn is gur theip air mar mhadadh drugaí roimhe sin. Is réalta é Roger anois.
Chuir pobal na Téaváine an-suim i scéal Roger
Cé gur drochscéal a bhí ann gur maraíodh 13 dhéag, is dea-scéal amach is amach a bhí ann nár maraíodh níos mó.
Bhí an crith talún iontach láidir ach níor mharaigh sé ach 13 dhuine
Sa bhliain 1999, bhuail crith talún dar neart 7.7 ar scála Richter an t-oileán. Mharaigh an crith sin 2,400 duine. D’fhoghlaim na húdaráis cuid mhór ón chrith sin agus rinne siad a lán rudaí difriúla lena chinntiú nach bhfaigheadh an oiread sin daoine bás arís, dá dtiocfadh crith talún eile.
Pictiúr ón chrith talún in 1999
Anois, sa Téaváin, tá córas speisialta acu le rabhadh a thabhairt do dhaoine má shíleann siad go bhfuil crith talún le bheith ann agus bhí siad ábalta rialacha eile a thabhairt isteach fosta i dtaca le foirgnimh a thógáil ar bhealaí speisialta le daoine a choinneáil níos sábháilte.
Le plé
🦮 An bhfuil madadh (nó peata eile) agatsa? An raibh tú ábalta aon chleasa a fhoghlaim dó nó di?
🦮 Úsáid an barra cuardaigh ag barr an scáileáin. An dtig leat níos mó eolais a fháil ar scála Richter, nó ar chrith talún eile a tharla? Cad iad na focail a d’úsáid tú don chuardach?
🦮 Mar rang, déanaigí plé ar scéal Roger. Cad iad na ceachtanna is féidir linn féin a fhoghlaim uaidh?