Lá na Luimneach

An 17ú Aibreán, 2024

Ar chuala sibh riamh iomrá ar ‘luimneach’? Ní an áit atá i gceist agam, ach cineál de dhán gairid. Ní bhíonn ach 5 líne ann agus tá struchtúr ar leith ag an chineál dáin seo ó thaobh rithime agus ríme de. Déanann an chéad líne, an dara líne agus an cúigiú líne rím lena chéile; agus déanann an tríú agus an ceathrú líne rím lena chéile chomh maith. (Bíonn na línte 1, 2 agus 5 rud beag níos faide ná na línte 3 agus 4 fosta.) Mar shampla,

An dtig leat dán a scríobh i gcúig líne?
Ná bí ag dúil le focail mhíne
Déanfaidh rud ar bith cúis
Ní bhainfidh seo duais
Níl ann ach an t-am a chur dínne!

Tá luimnigh á scríobh i mBéarla leis na céadta bliain. Scríobh William Shakespeare cúpla ceann fiú. Ach, thig leat iad a scríobh i dteanga ar bith, ar an dóigh chéanna a n-úsáideann daoine foirm an Haiku ón tSeapáin chun dánta a scríobh i nGaeilge.


Síleann daoine gur tháinig an t-ainm “luimneach” ó amhrán a bhí i mbéal an phobail san 18ú haois. “An dtiocfaidh tú aníos go Luimneach?” an t-ainm a bhí ar an amhrán sin. Bhí a lán véarsaí gairide greannmhara ar an stíl seo san amhrán áirithe sin, de réir cosúlachta.


Is stíl filíochta éadrom atá sna “luimnigh”. Thig leat scéal beag a insint leo, nó rud éigin amaideach, greannmhar a rá. Tarlaíonn “Lá na Luimneach” ar an 12ú lá Bealtaine gach bliain, ar an lá céanna le “Lá na nAltraí” (agus breithlá Florence Nightingale atá ann chomh maith). Mar sin, seo luimneach beag faoin bhean uasal sin.

Mhair Florence Nightingale fadó
Is d’oibrigh sí tríd chogadh gan stró
Choinnigh sí an áit glan
Rud a d’fhág na hothair slán
Is í an bhanaltra is clúití gan aon agó!

Thig leat luimneach a scríobh faoi ábhar ar bith, a fhad is go gcloíonn tú leis an chóras ríme AABBA.

I 1969, shiúil Neil Armstrong ar an ghealach
Is in Apollo 11 a thaistil sé an bealach
Ina chulaith spásaire, shiúil sé thart
Agus bhailigh sé clocha i mbeart
Ansin d’imigh sé arís ar a bhealach.

(Stampa ag ceiliúradh Neil Armstrong ag tuirlingt ar an Ghealach. Pic le MM_photos/Shutterstock.com)

Le plé nó le déanamh
Cad í an stíl filíochta is fearr leat féin? Cad chuige ar maith leat í?

Déan iarracht do luimneach féin a scríobh. (Má dhéanann do rang roinnt luimneach a scríobh, seol isteach chugainn iad agus foilseoidh muid ar Nuacht Anois iad.)


baruil