Nisí agus NASA

An 15ú Aibreán, 2024


Tá daoine ag iarraidh teacht ar ollphéist Loch Nis le 90 bliain. Ar an drochuair, níor éirigh go maith leis na hiarrachtaí seo teacht ar ‘Nisí’ go fóill. Níl againn ach cúpla grianghraf doiléir agus tá amhras ann an bhfuil siad fiú fíor. Go dtí seo, chaith lucht cuardaigh ollphéist Loch Nis a lán ama ag úsáid sonóra. Is é atá i gceist le sonóir ná teicníc a úsáideann fuaim-thonnta le heolas a bhailiú faoi rudaí atá faoin uisce. Cuireann trealamh sonóra fuaimeanna amach agus ‘éisteann’ sé leis na macallaí a thagann ar ais. Cé gur ‘chuala’ siad cruthanna móra, ní raibh aon rud dearfach acu go fóill.

Feiceann sonóir rudaí faoin uisce

Tá lucht cuardaigh Nisí anois ag tabhairt faoi phlean nua agus tá siad ag iarraidh ar NASA, an ghníomhaireacht spáis, agus eolaithe in ollscoileanna, cuidiú leo. Bíonn bua amháin agat má bhíonn tú thuas sa spás – bíonn tú ábalta amharc anuas ar an talamh. Úsáideann dreamanna cosúil le NASA satailítí le pictiúir a fháil den Domhan agus is minic a fheiceann siad rudaí nach féidir a fheiceáil ón Domhan féin.

Satailít

Ar a bharr sin, tá siad ag iarraidh ar ghnáthdhaoine cuidiú leo. Thig le daoine cuairt a thabhairt ar Loch Nis in Albain nó, mura dtig leo dul ann, thiocfadh leo súil a choinneáil ar cheamaraí beo atá acu. Seo an dara bliain de Loch Ness Quest agus beidh sé ar siúl idir an 30ú Bealtaine agus an 2ú Meitheamh. Bhí tuilleadh agus 100 duine páirteach sa chuardach anuraidh.

Daoine ar lorg Nisí

Ba é Colm Cille as Éirinn an chéad duine, go bhfios dúinn, a chonaic an ollphéist, ar an 22ú Lúnasa, 565, beagnach 1,500 bliain ó shin!

Meallann scéalta Nisí a lán turasóirí

Níl a fhios ag an Seomra Nuachta an ann don ollphéist ach táimid cinnte faoi rud amháin – is cleas iontach maith é seo le turasóirí a mhealladh isteach go dtí an ceantar lena gcuid airgid a chaitheamh ann!

Níl gach pictiúr de Nisí fíor!


Le déanamh:

Déan liosta de na rudaí turasóireachta i do cheantar féin. Cad iad na rudaí a mheallann daoine chucu. Cuir feachtas fógraíochta le chéile – úsáid póstaer, píosa eolais nó grianghraif, mar shampla.


Pictiúr:

Sonóir: ilmarinfoto / Shutterstock.com


baruil