Éire agus an Titanic

An 15ú Aibreán, 2024


Iarsmalann an Titanic i mBéal Feirste

Tharla tragóid ollmhór an lá seo 112 bliain ó shin. Ar oíche 14ú/15ú Aibreán 1912, chuaigh an long mhór, an Titanic, go tóin poill. Bhí an Titanic ar an long ba mhó ag an am – 169m ar fad. Nuair a chuaigh sí faoi na tonnta, maraíodh thart ar 1,517 duine, 832 paisinéir agus 685 ball den chriú.

Go hoifigiúil, thosaigh an Titanic ar a céad turas in Southampton, ar a bealach go Nua-Eabhrac ar an 10ú Aibreán ach tá baint an-mhór aici le hÉirinn. Ar ndóigh, tógadh an Titanic i longchlós Bhéal Feirste agus rinne siad í don chomhlacht White Star Line. Seoladh í sa bhliain 1911 ach níor críochnaíodh í i gceart go dtí an 2ú Aibreán 1912, 8 lá roimh a céad turas. Bhí áit ghalánta ann do na daoine sa chéad ghrád, na daoine saibhre – ach ní raibh mórán spáis ag na daoine sa tríú grád, Éireannaigh cuid mhaith acu.

Thiocfadh le cnoic oighir bheith iontach mór

Tá baint eile ag Éirinn leis an scéal, áfach. Ba í Éire an áit dheireanach ar imigh an Titanic aisti sular bhuail cnoc oighir í. Ar an 11ú Aibreán, d’imigh an Titanic ón Chóbh i gContae Chorcaí agus dhírigh sí a haghaidh ar an Atlantach. Queenstown an t-ainm a bhí ar an bhaile i 1912 nó bhí Éire mar chuid d’Impireacht na Breataine ag an am. Ba sa Chóbh a fuair muid na grianghraif dheireanacha den long.

Grianghraf den Titanic sa Chóbh

Tá spéis mhór ag muintir na hÉireann sa Titanic ó tógadh í agus tagann go leor turasóirí chuig an tír le tuilleadh a fhoghlaim faoin tubaiste. Tá dhá iarsmalann don Titanic againn, ceann amháin i mBéal Feirste, an áit ar tógadh í, agus an ceann eile sa Chóbh, an port deireanach ina raibh sí.

Tá cuimhne ag an Chóbh ar an Titanic go fóill


Le déanamh:

Foghlaim tuilleadh faoin Titanic anseo: https://newsdesk.c2kschools.net/c/newsdesk/news/4980


Abair go bhfuil tú ag tógáil iarsmalainne don Titanic. Cad iad na rudaí a chuirfeá féin isteach ann? Cad iad na cineálacha rudaí a fheiceann tú in iarsmalann? Déan liosta de 10 rud a roghnófá. Ansin, cuir an liosta i gcomparáid leis an duine atá in aice leat. An bhfuil na rudaí céanna agaibh? Idir an bheirt agaibh, roghnaígí na 10 rud is fearr.

Ticéad don Titanic. An gcuirfeá a leithéid in iarsmalann?


Pictiúir:

Ticéad ón Titanic: Tomas Bazant / Shutterstock.com

Comhartha i gCóbh: D. Ribeiro / Shutterstock.com

Léarscáil: User:MechBrowman/GNU

Iarsmalann Bhéal Feirste: Nataliya Hora / Shutterstock.com

Edward J Smith (Captaen an Titanic): meunierd / Shutterstock.com


baruil